Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 5:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Tugaigí ar ais gan mhoill dóibh a dtailte agus a bhfíonghoirt, a luibhghoirt ológ agus a dtithe, agus maithigí [na fiacha] ar an airgead, ar an arbhar, ar an bhfíon agus ar an ola a thug sibh ar iasacht dóibh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Guidhim sibh, aisigidh, dhóibh, a niugh féin, a bhfearuinn, a bhfíneamhna, a lubhgoirt ola, agus a ttighthe, agus mar an ccéadna an céadmhadh cuid do nairgiod, agus do narbhar, do nfíon, agus do nola, do bheanabhair dhíobh.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 5:11
9 Tagairtí Cros  

Caithfidh sé an t‑uan a aisíoc faoi cheathair, as ucht a leithéid a dhéanamh agus sin gan trua gan taise.”


Thugas-sa agus mo ghaolta agus mo sheirbhísigh iasacht airgid agus arbhair dóibh chomh maith. Ach maithimis na fiacha sin.


“Déanfaimid cúiteamh,” d'fhreagair siad, “ní éileoimid a thuilleadh orthu; déanfaimid rud ort.” Chuir mé fios ar na sagairt agus thug mé faoi deara dóibh mionn a thabhairt go ndéanfaidís beart de réir a mbriathar.


An troscadh is áil liom, nach é seo é? dar briathar an Tiarna Dia: Geimhleacha na héagóra a scaoileadh, an ceangal a bhaint den chuing; an dream a smachtaíodh a scaoileadh saor amach, an uile chuing a bhriseadh;


Tugaigí, más ea, torthaí uaibh is dual don aithrí. Agus aire daoibh gan a rá libh féin: ‘Tá Abrahám ina athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann d'Abrahám a thógáil as na clocha seo.


agus tithe lán de ollmhaitheasaí de gach sórt nach tú a sholáthraigh, agus toibreacha doimhne nach tú a thochail, fíonghoirt agus crainn ola nach tú a phlandaigh - nuair a bheidh na nithe sin caite agat agus do sháith agat,


Seo anseo mé! Tugaigí fianaise i m'aghaidh i láthair an Tiarna agus a ungthaigh! Ar bhain mé a dhamh d'aon duine? Ar bhain mé a asal d'aon duine? An ndearna mé calaois ar aon duine? An ndearna mé leatrom ar aon duine? Ar thóg mé breab riamh ó aon duine le mo shúile a dhalladh? [Má rinne mé] déanfaidh mé aisíoc libh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí