Ansin, i láthair chomhthionól Iosrael go léir, sheas Solamh os comhair altóir an Tiarna, agus shín sé a lámha amach i dtreo na bhflaitheas
Nihimiá 1:5 - An Bíobla Naofa 1981 Agus dúirt mé: “A Thiarna, a Dhia neimhe, a Dhia mhór an imeaglaithe, a chothaíonn conradh agus cairdeas buan leo seo a thugann grá duit agus a chomhlíonann d'aitheanta, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus a dubhairt mé, larruim dathchuinge ort, a THIGHEARNA Día neimhe, an Día mór úathbhásach, choimheadus cunnradh agus trócaire don mhéid ghrádhuighéas é, agus choimhéadas a aitheanta: |
Ansin, i láthair chomhthionól Iosrael go léir, sheas Solamh os comhair altóir an Tiarna, agus shín sé a lámha amach i dtreo na bhflaitheas
An bhfúil pobal eile ar talamh mar do phobal féin, Iosrael, le Dia a chuaigh á bhfuascailt agus ag déanamh pobail leis féin díobh, á mhóradh féin agus ag déanamh nithe éachtacha scanrúla ar a son, ag díbirt ciníocha roimh do phobal a d'fhuascail tú ón Éigipt?
“Mar seo a deir Cíoras rí na Peirse: ‘Thug an Tiarna, Dia neimhe, ríochtaí uile na cruinne dom, agus chuir sé de dhualgas orm Teampall a thógáil dó in Iarúsailéim, in Iúdá.
“Céard atá tú ag iarraidh orm, mar sin?” arsan rí liom. Chuir mé guí suas chun Dé neimhe ansin
Cibé áit ina gcloisfidh sibh an stoc á shéideadh, cruinnigí inár dtimpeall, agus troidfidh ár nDia thar ár gceann.”
Thug mé faoi deara [an eagla a bhí orthu] agus d'éirigh mé i mo sheasamh agus dúirt mé leis na huachtaráin, na maoir, agus leis an bpobal eile go léir: “Ná bíodh eagla oraibh rompu! Cuimhnigí ar an Tiarna, mar is mór é agus is díol urraime é; troidigí ar son bhur ngaolta, bhur gclann mhac agus iníonacha ar son bhur mban agus bhur mbaile.”
Anois, dá bhrí sin, a Dhia linn, A Dhia mhór na cumhachta agus na heagla, Atá dílis do do chonradh agus buanseasmhach i do ghrá, Nára beag leat an ainnise go léir A tharla dúinne, dár ríthe, agus dár dtaoisigh, dár sagairt, dár bhfáithe, (dár sinsir), agus dár muintir go léir Ó ré ríthe na hAsaíre go dtí inniu féin.
Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna; fógróidh mé do dhílseacht ó ghlúin go glúin.
Óir is deimhin gur daingníodh do bhuanghrá go brách, agus shocraigh tú do dhílseacht chomh buan le neamh.
Is uafásach é Dia i gcomhchomhairle na naomh; is éachtach é agus is uamhnach thar a bhfuil ina thimpeall.
ach déanaim cineáltas buan leis na mílte díobh siúd a thugann grá dom agus a choimeádann m'aitheanta.
“Éist leis na dlíthe seo agus bí dílis dóibh agus coimeád iad agus beidh an Tiarna, do Dhia, dílis don chonradh agus don bhuanghrá a mhionnaigh sé do d'aithreacha.
Ná bíodh aon eagla ort rompu, óir tá an Tiarna do Dhia in bhur measc, agus is mór agus is uafar an Dia é.
Bíodh a fhios agat dá bhrí sin gur Dia dáiríre an Tiarna do Dhia, Dia dílis a choimeádann a chonradh agus a bhuanghrá ar feadh míle glúin ina leith siúd a ghránn é agus a chomhlíonann a aitheanta,