Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 47 - An Bíobla Naofa 1981


Rí an Domhain

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm chlann Chorach.

2 Buailigí bhur mbosa, a chiníocha uile; glaoigí ar Dhia le gártha gairdis!

3 Óir is ard é an Tiarna agus is uamhnach, ina ardrí os cionn na cruinne.

4 Cuireann sé ciníocha faoinár smacht agus cuireann sé náisiúin faoinár gcosa.

5 Is uaidh a fuaireamar ár n‑oidhreacht; oidhreacht Iacóib dá dtugann sé grá.

6 Gabhann Dia in airde le gártha molta; gabhann sé in airde le séideadh an stoic.

7 Seinntear ceol dár nDia, seinntear ceol dó; seinntear ceol dár Rí, seinntear ceol dó!

8 Is é Dia rí na cruinne go léir; seinnigí agus canaigí go hoilte dó!

9 Tá Dia ina rí ar na náisiúin; tá sé ina shuí ar a ríchathaoir naofa.

10 Cruinníonn taoisigh na gciníocha i gceann a chéile; i bhfochair phobal Dhia Abrahám. Óir is le Dia lucht rialaithe na cruinne; is aige atá an chumhacht go hiomlán.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí