Nihimiá 1:10 - An Bíobla Naofa 1981 “Siad seo do shearbhóntaí, do phobal, an mhuintir a d'fhuascail tú le do mhórneart agus do láimh thréan. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Anois is íadso do sherbhísigh agus do phobal, noch do sháor tú le do chumhachd mhóir, agus le do láimh láidir. |
Cuimhnigh ar do chomhthionól a bhunaigh tú fadó; ar an gcine a cheannaigh tú mar oidhreacht duit féin, ar Shliabh Shíón mar a ndearna tú áras do chónaithe.
Is cumasach an chuisle atá agat, a Thiarna, is daingean do lámh, agus do dheaslámh crochta.
Nuair a chuirfidh do mhac ceist chugat san am atá romhat: ‘Cén chiall atá leis seo?’ déarfaidh tú leis: ‘Thug an Tiarna amach sinn ón Éigipt, ó theach na daoirse;
Beidh an tseirbhís mar mharc ar do láimh agat, nó mar lann ar d'éadan; óir thug an Tiarna as an Éigipt amach sinn le láimh láidir.”
Dúirt Maois leis an bpobal: “Cuimhnígí ar an lá seo a tháinig sibh amach ón Éigipt ó theach na daoirse; óir is le neart a láimhe a rug an Tiarna sibh amach as; ná hitear aon arán gabháilte.
Beidh sé mar a bheadh marc ar do láimh, nó mar chuimhneachán ar chlár d'éadain i dtreo go mbeidh dlí an Tiarna ar do bheola de shíor; óir is le láimh láidir a thug an Tiarna thú as an Éigipt amach.
Threoraigh tú le teann grá an pobal a d'fhuascail tú; rinne tú eolas dóibh le do neart chun d'áitribh naofa.
Ach chrom Maois ar ghuí chun an Tiarna a Dhia: “A Thiarna,” ar sé, “cén fáth go lasfadh do fhearg go dian i gcoinne do phobail féin, an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le láimh thréan?
Ach dúirt an Tiarna le Maois: “Feicfidh tú anois féin céard a dhéanfaidh mise le Forann. Le láimh láidir, sea le láimh láidir, a chaithfidh sé ligean dóibh imeacht as a thír.”
Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: ‘Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais.
Glacfaidh mé chugam féin sibh mar phobal liom agus beidh mise agaibh mar Dhia. Beidh a fhios agaibh ansin gur mise an Tiarna bhur nDia, a d'fhuascail sibh ó ualaí na nÉigipteach.
Ná bíodh fearg rómhór ort, a Thiarna, ná meabhraigh an urchóid de shíor! Féach orainn go léir, breathnaigh ar do mhuintir.
Cuimhnigh air go raibh tú féin i do dhaor i dtír na hÉigipte agus gur fhuascail an Tiarna do Dhia thú; uime sin a ordaím é seo duit inniu.
Ach is iad do phobal iad, agus d'oidhreacht, a thug tú amach le do neart agus do chumas agus le do ghéag ar tinneall.’