Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 32:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Ach chrom Maois ar ghuí chun an Tiarna a Dhia: “A Thiarna,” ar sé, “cén fáth go lasfadh do fhearg go dian i gcoinne do phobail féin, an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le láimh thréan?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus do ghuidh Maóisi an TIGHEARNA a Dhía, agus do ráidh, A THIGHEARNA, créad fa lassan thfearg a nághuidh do phobail, noch thug tú amach as crích na Hégipte lé cumhachtuibh móra, agus le láimh láidír?

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 32:11
23 Tagairtí Cros  

“Seo mé,” arsa Abrahám á fhreagairt, “agus é de dhánaíocht ionam labhairt mar seo le mo Thiarna, agus gan ionam ach cré agus luaithreach.


Agus maith do do phobal na peacaí a rinneadar i do choinne, agus na cionta go léir lenar chiontaíodar i d'aghaidh, agus deonaigh go mbainfidh siad amach fabhar lucht a gcloíte ionas go mbeadh trua acu dóibh,


“Siad seo do shearbhóntaí, do phobal, an mhuintir a d'fhuascail tú le do mhórneart agus do láimh thréan.


Agus dúirt sé go scriosfadh sé iad dá bhrí sin, murach Maois, an té a roghnaigh sé a dhul roimhe sa bhearna d'fhonn a fhearg a mhaolú sula ndéanfadh sé a milleadh.


Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Síos leat! óir an pobal sin agat a thug tú amach as tír na hÉigipte, thruaillíodar iad féin.


Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: ‘Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais.


Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Iarraigí ar an Tiarna na froganna a thógáil díomsa agus de mo mhuintir agus ligfidh mise don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.”


Cén fáth, a Thiarna, a bhfuil muid ar seachrán agat i bhfad ó do shlite, agus ár gcroíthe á gcruachan ionas nach eagal leo thú níos mó? Fill ar ais ar son do sheirbhíseach, ar son treibheanna d'oidhreachta.


Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!


Féach, a Thiarna, agus breathnaigh ar cé hí ar chaith tú léi mar seo; ní féidir gurbh éigean do mhná naíonáin dhea-chumtha a mbroinne féin a ithe; ní féidir gurbh éigean sagairt agus fáithe a mharú i sanctóir an Tiarna!


Ach d'oibrigh mé ar mhaithe le m'ainm féin ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha ar chónaigh siad ina measc, óir gheall mé dóibh os comhair na gciníocha sin go dtreoróinn amach as tír na hÉigipte iad.


Idir an póirse agus an altóir goileadh na sagairt, lucht friotháilte an Tiarna, agus abraidís: “Coigil do phobal, a Thiarna; ná déan ceap magaidh de d'oidhreacht, í ina staicín aiféise i measc na náisiún. Cén fáth a mbeadh sé le rá ag na náisiúin: ‘Cá bhfuil a nDia siúd?’ ”


Dúirt Maois leis an Tiarna: “Cén fáth go bhfuil do shearbhónta agat á chrá? Cén fáth nach bhfuil do ghnaoi orm, ach tú ag cur ualach an phobail seo go léir sa mhullach orm?


D'fhreagair Maois an Tiarna agus dúirt: “Tá sé cloiste ag na hÉigiptigh cheana féin, go dtug tusa an pobal seo, trí do chumhacht féin, amach óna measc.


Ach chaitheadarsan iad féin ar an mbéal agus ar a bhfiacla, agus dúradar: “A Dhia, a Dhia na spiorad a chuireann anam i ngach feoil, an mbeidh fearg ort leis an gcomhthionól uile de bharr peaca aon duine amháin?”


Tháinig an pobal go Maois agus dúradar: “Pheacaíomar lenár gcaint in aghaidh an Tiarna agus i d'aghaidhse. Guigh chun an Tiarna á iarraidh air na nathracha a thógáil dínn.” Ghuigh Maois ar son an phobail.


Cén fáth go gcaillfí ainm ár n‑athar ar a fhine? Ó bhí sé gan mhac, tabhair sealúchas éigin dúinne i measc a bhráithre gaoil.”


“Is aithreach liom go ndearna mé rí de Shól, óir thug sé droim liom, agus d'fhág mo lorg, agus rinne faillí i m'orduithe.” Tháinig suaitheadh mór ar Shamúéil agus chaith sé an oíche ar fad ag glaoch chun an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí