Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 13:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Dúirt Maois leis an bpobal: “Cuimhnígí ar an lá seo a tháinig sibh amach ón Éigipt ó theach na daoirse; óir is le neart a láimhe a rug an Tiarna sibh amach as; ná hitear aon arán gabháilte.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus a dubhaírt Maóisi ris an bpobal, Cuimhnighidh an lá so, a ttangabhair amach as a Négipt, as tigh na daóirse: óir is maille re neart láimhe thug an TIGHEARNA amach sibh as a náitse: ní hiostar arán laibhín.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 13:3
58 Tagairtí Cros  

Fillfidh siad ar ais anseo sa cheathrú glúin, mar níl urchóid na nAmórach iomlán fós.”


“Agus an strainséir chomh maith nach mbaineann le do phobal Iosrael, má thagann sé ón imigéin ar son d'ainm -


Bíodh cuimhne agaibh ar na hiontais a rinne sé, Ar na héachtaí a rinne sé, agus ar bhreitheanna a bhéil.


“Siad seo do shearbhóntaí, do phobal, an mhuintir a d'fhuascail tú le do mhórneart agus do láimh thréan.


Rinne tú éachtaí agus míorúiltí in aghaidh Fhorainn, In aghaidh a shearbhóntaí go léir agus mhuintir uile a thíre; Óir bhí a fhios agat a theanntásaí a bhí siad leo. Thuill tú cáil duit féin a mhaireann fós inniu.


Cuimhnigí ar na héachtaí a rinne sé; ar a mhíorúiltí agus ar bhreitheanna a bhéil.


Alleluia. Nuair a tháinig Iosrael as an Éigipt amach, teaghlach Iacóib ón bpobal barbartha,


Agus threoraigh sé Iosrael as a measc, óir maireann a bhuanghrá go brách.


Le cumhacht a láimhe agus neart a chuisle, óir maireann a bhuanghrá go brách.


Is cumasach an chuisle atá agat, a Thiarna, is daingean do lámh, agus do dheaslámh crochta.


Caithfidh sibh arán gan ghabháile a ithe ar feadh seacht lá. An chéad lá cuirigí an ghabháile go léir as bhur dtithe amach; mar cibé duine a íosfaidh arán ina bhfuil gabháile, ón gcéad lá go dtí an seachtú lá, teascfar amach ó Iosrael é.


Ní foláir féile an Aráin gan Ghabháile a cheiliúradh mar gur ar an lá ceannann céanna sin a thug mé bhur sluaite amach as críocha na hÉigipte; uime sin déanfaidh sibh an lá seo a cheiliúradh ó ghlúin go glúin; is reacht nach gclaonfar é sin.


Ar feadh seacht lá ní bheidh teacht ar ruainne gabháile in bhur dtithe, mar má itheann aon duine arán ina bhfuil gabháile, teascfar amach ó chomhthionól Iosrael an duine sin, bíodh sé ina dheoraí nó ina dhúchasach.


“Bíodh an mhí seo agaibh ar thús bhur míonna agus ina chéad mhí den bhliain agaibh.


An lá ceannann céanna ar a raibh an ceithre chéad agus deich mbliana fichead slán, d'imigh sluaite uile an Tiarna amach as tír na hÉigipte.


Rinne an Tiarna faire an oíche úd chun iad a thabhairt amach as an Éigipt; ní foláir dá bhrí sin do chlann Iosrael go léir ó ghlúin go glúin, faire a dhéanamh in onóir an Tiarna an oíche úd.


Íosfaidh siad an fheoil an oíche sin arna róstadh ar thine; beidh arán gan ghabháile agus luibheanna searbha mar anlann léi.


Nuair a chuirfidh do mhac ceist chugat san am atá romhat: ‘Cén chiall atá leis seo?’ déarfaidh tú leis: ‘Thug an Tiarna amach sinn ón Éigipt, ó theach na daoirse;


Beidh sé mar a bheadh marc ar do láimh, nó mar chuimhneachán ar chlár d'éadain i dtreo go mbeidh dlí an Tiarna ar do bheola de shíor; óir is le láimh láidir a thug an Tiarna thú as an Éigipt amach.


“Mise an Tiarna do Dhia a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.


Cuimhnigh ar an tsabóid agus coinnigh naofa í.


Ceiliúir féile an tslimaráin; ith arán slim, mar a d'aithin mé duit, ar feadh seacht lá ag an am a ceapadh i mí Áibíb, óir is sa mhí sin a tháinig tú as an Éigipt. Ná tagadh aon duine i mo láthair gan ní éigin ina láimh.


Sínfidh mé mo lámh ámh agus buailfidh mé an Éigipt leis na hiontais a dhéanfaidh mé inti. Ansin scaoilfidh sé libh.


Ceiliúir Féile an tSlimaráin; ith arán gan ghabháile mar a d'ordaigh mé duit ag an tráth ceaptha i mí Áibíb, óir i mí Áibíb tháinig sibh amach as tír na hÉigipte.”


Ach dúirt an Tiarna le Maois: “Feicfidh tú anois féin céard a dhéanfaidh mise le Forann. Le láimh láidir, sea le láimh láidir, a chaithfidh sé ligean dóibh imeacht as a thír.”


Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: ‘Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais.


Glacfaidh mé chugam féin sibh mar phobal liom agus beidh mise agaibh mar Dhia. Beidh a fhios agaibh ansin gur mise an Tiarna bhur nDia, a d'fhuascail sibh ó ualaí na nÉigipteach.


Ní éisteoidh Forann libhse; agus leagfaidh mise dá bhrí sin mo lámh ar an Éigipt agus seolfaidh mé mo shluaite, mo phobal, clann Iosrael amach as tír na hÉigipte le héachtaí breithiúnais.


“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Rinne mé conradh le bhur n‑aithreacha nuair a thug mé amach as an Éigipt iad, as teach na daoirse; dúradh ann:


Beannaígí romhaibh isteach ansin,


Ansin, thóg sé arán, agus ar altú dó, bhris, agus thug dóibh é ag rá: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt ar bhur son. Déanaigí é seo mar chuimhne orm.”


agus, ar altú dó, bhris agus dúirt: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt suas ar bhur son; déanaigí é seo mar chuimhne orm.”


Déanaimis an fhéile a cheiliúradh dá bhrí sin, agus ní leis an tseanghabháile é, le gabháile an oilc agus na hurchóide, ach le slimarán an ionracais agus na fírinne.


agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh - an chumhacht éachtach úd


Gabhfaidh tú de chlocha ann go dtí go n‑imeoidh an dé as, mar gurbh áil leis thú a mhealladh ón Tiarna do Dhia, a thug thú amach as tír na hÉigipte, as teach na daoirse.


Cluinfidh Iosrael go léir trácht air, agus beidh eagla orthu, agus go brách arís ní dhéanfaidh siad a leithéid de choirpeacht in bhur measc.


Ach cuirtear an fáidh sin nó an t‑aislingeoir aislingí sin chun báis óir theagasc sé ceannairc in aghaidh an Tiarna bhur nDia, a thug sibh amach as tír na hÉigipte agus a d'fhuascail sibh as teach na daoirse; b'áil leis thú a chlaonadh ón mbealach a d'aithin an Tiarna do Dhia duit a shiúl. Díbir an urchóid sin ó do lár ar an tslí sin.


“Má dheanann do dheartháir, mac [d'athar nó] do mháthar, nó do mhac, nó d'iníon, nó do mhuirnín mná, nó do chara cléibh, thú a mhealladh faoi choim á rá: ‘Téanam agus déanaimís seirbhís do dhéithe eile’ (nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha),


Cuimhnigh air go raibh tú féin i do dhaor i dtír na hÉigipte agus gur fhuascail an Tiarna do Dhia thú; uime sin a ordaím é seo duit inniu.


“Coimeád mí Áibíb agus coinnigh an Cháisc don Tiarna do Dhia; óir is i mí Áibíb a thug an Tiarna do Dhia thú amach as an Éigipt san oíche.


Cuimhnigh go raibh tú féin i do dhaor i dtír na hÉigipte agus coimeád na reachtanna seo le barr cúraim.


Ná hith aon arán gabháilte mar aon léi; ar feadh seacht lá ith slimarán léi, arán an chruatain, óir is le teann deabhaidh a tháinig tú amach as tír na hÉigipte; cuimhnigh dá bhrí sin, gach lá de do shaol, ar an lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte.


Cuimhnigh go raibh tú féin i do dhaor san Éigipt agus go ndearna an Tiarna do Dhia thú a fhuascailt as an áit sin; uime sin a thugaim an aithne seo duit le comhlíonadh.


Cuimhnigh go raibh tú i do dhaor i dtír na hÉigipte; sin é an fáth go dtugaim an aithne seo duit le comhlíonadh.


agus thug an Tiarna as an Éigipt amach sinn lena láimh thréan agus lena ghéag ar tinneall, le huafás mór, le comharthaí, agus le hiontais.


Ar thug aon Dia riamh faoi chine a ghabháil chuige féin ó chrioslach cine eile, le profaí, le comharthaí, le hiontais, le cogadh, le láimh láidir agus le géag ar tinneall? - na nithe sin go léir a rinne an Tiarna daoibhse, os comhair bhur súl san Éigipt.


Cuimhnigh go raibh tú féin i do sheirbhíseach i dtír na hÉigipte agus go dtug an Tiarna do Dhia amach as siúd thú le láimh láidir agus le géag ar tinneall; uime sin d'aithin an Tiarna do Dhia duit an tsabóid a choimeád.


‘Mise an Tiarna do Dhia a thug amach as tír na hÉigipte thú agus as teach na daoirse.


seachain agus ná déan dearmad ar an Tiarna a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.


abair le do mhac: ‘Ba dhaoir le Forann sinn tráth san Éigipt, agus thug an Tiarna amach as an Éigipt sinn le láimh láidir;


Is le barr a ghrá daoibh agus toisc go bhfuil an Tiarna ag comhlíonadh an mhionna a mhionnaigh sé do bhur n‑aithreacha, a thug an Tiarna amach sibh le láimh láidir agus a d'fhuascail sé sibh ó theach na daoirse, agus ó chumhacht Fhorainn rí na hÉigipte.


ná tagadh uaill i do chroí. Ná déan dearmad ansin ar an Tiarna do Dhia a thug amach thú as tír na hÉigipte, as teach na daoirse;


dúirt an Tiarna liom: ‘Fág an áit seo agus imigh leat síos go tapa, óir an pobal a thug tú amach as an Éigipt, tá feall déanta acu. Ba bheag an mhoill orthu claonadh ón tslí a d'aithin mé dóibh; tá íol de mhiotal leáite déanta acu dóibh féin.’


Nach é an Tiarna ár nDia a thug sinne agus ár sinsir aníos as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse agus a rinne na héachtaí sin inár bhfianaise, agus a chumhdaigh sinn san uile shlí a ndeachamar, agus i measc na gciníocha go léir trínar ghabhamar?


Thréigeadar an Tiarna, Dia a sinsear, a threoraigh amach as tír na hÉigipte iad, agus leanadar déithe eile, déithe de chuid na gciníocha ina dtimpeall. D'adhradar na déithe sin agus ghriogadar an Tiarna chun feirge.


chuir an Tiarna fáidh go clann Iosrael, agus dúirt sé leo: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Sheol mé aníos ón Éigipt sibh, agus thug mé amach as teach na daoirse sibh;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí