Ach ina dhiaidh sin féin tugadh chun siuíl í; d'imigh sí léi i mbraighdeanas; rinneadh deargár ar a páistí chomh maith ag cúinní na sráideanna uile; cuireadh a daoine uaisle ar chrainn agus ceanglaíodh a fir cháiliúla le slabhraí.
Thairis so rugadh ar siubhal í, do chuáidh sí a mbraighdionas: do rinneadh fós sligreach da cloinn óig a mullach na sráideann uile: agus do theilgiodar cranchar air a daóinibh onóracha, agus do ceangladh a daoine móra uile a ngéibhionuibh.
“Cén fáth,” arsa Hazáéil, “go bhfuil mo thiarna ag gol?” D'fhreagair sé: “Mar go bhfuil a fhios agam an urchóid a dhéanfaidh tú do chlann Iosrael; cuirfidh tú a ndaingin trí thine, cuirfidh tú a n‑ógánaigh chun báis le rinn claímh, stollfaidh tú a leanaí ina ngeireacha, agus scoiltfidh tú broinn a mban torrach.”
is amhlaidh a dhéanfaidh rí na hAsaíre cimí na hÉigipte agus deoraithe Chúis a chinnireacht ar shiúl leis, idir óg agus aosta, tarnocht agus cosnocht agus másnocht.
Éirigh! Glaoigh amach san oíche i dtús gach seala faireacháin! lig do racht bróin amach mar thuile i láthair an Tiarna! Ardaigh chuige do lámha ar son bheatha do leanaí óga, (atá ag titim i laige le hocras ag béal gach uile shráide).
Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca chlann Amón, in éiric a gceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur scoilt siad mná Ghileád a bhí ag iompar clainne ionas go leathnóidís a gcríocha féin,
An lá a sheas tú i leataobh an lá a rug strainséirí a mhaoin leo, agus a ghabh coigríochaigh a gheataí isteach, agus a chuir siad Iarúsailéim ar chrainn, ba gheall le duine díobh thú.