Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 19:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Tá mé chun an Éigipt a thabhairt isteach i lámha aintiarna, agus beidh réimeas ag rí danartha orthu. Seo é briathar Thiarna Dia na Slua.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus seachóduigh mé na Hégiptigh a láimh tighearna éattrócáirigh; agus riaghlochuidh rígh borb ós a ccionn, a deir an Tighearna, TIGHEARNA na shlógh.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 19:4
9 Tagairtí Cros  

Déanfaidh mé áthas agus gairdeas faoi do bhuanghrá óir chuir tú spéis i m'anacair agus chuidigh tú le m'anam ina chúngaigh.


Dreasóidh mé na hÉigiptigh in éadan a chéile, beidh siad ag troid bráthair in aghaidh bráthar, cara in aghaidh carad, baile in aghaidh baile, ríocht in aghaidh ríochta.


Ansin dúirt an Tiarna: “Díreach mar bhí mo sheirbhíseach Íseáia ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht ar feadh trí bhliain, ina chomhartha agus ina mhana don Éigipt agus do Chúis,


is amhlaidh a dhéanfaidh rí na hAsaíre cimí na hÉigipte agus deoraithe Chúis a chinnireacht ar shiúl leis, idir óg agus aosta, tarnocht agus cosnocht agus másnocht.


Tabharfaidh mé é i láimh na ndaoine a iarrann a bhás, i láimh Nabúcadnazar, rí na Bablóine, agus a sheirbhíseach. Ach amach anseo, áitreofar an Éigipt arís mar a bhí anallód - is é an Tiarna a labhraíonn.


Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé tír na hÉigipte do Nabúcadnazar, rí na Bablóine; tabharfaidh sé leis a maoin go léir idir éadáil agus chreach mar thuarastal dá shlua.


Triomóidh mé aibhneacha na Níle, díolfaidh an fearann le sladaithe, bánóidh an fearann le sladaithe, bánóidh mé an tír agus a bhfuil inti le cuidiú na gcoimhthíoch. Mise, an Tiarna, a dúirt.


Ach ina dhiaidh sin féin tugadh chun siuíl í; d'imigh sí léi i mbraighdeanas; rinneadh deargár ar a páistí chomh maith ag cúinní na sráideanna uile; cuireadh a daoine uaisle ar chrainn agus ceanglaíodh a fir cháiliúla le slabhraí.


Nuair a insíodh do Shól go raibh Dáiví imithe go Ceíleá, dúirt Sól: “Tá sé tugtha i mo láimh ag Dia dom, óir chuir sé é féin i dteannta nuair a chuaigh sé isteach i gcathair ar a bhfuil geataí agus boltaí.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí