Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Obaidiá 1:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 An lá a sheas tú i leataobh an lá a rug strainséirí a mhaoin leo, agus a ghabh coigríochaigh a gheataí isteach, agus a chuir siad Iarúsailéim ar chrainn, ba gheall le duine díobh thú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Annsa ló ar sheas tú don taóibh oile, annsa ló a rugadar coimhthighidh a shluáigh a láimh, agus a ndeachadar eachtarannuigh a steach iona gheata, agus ar teilgiodh crannchair air Ierusalem, do bhí tusa mar áon díobh.

Féach an chaibidil Cóip




Obaidiá 1:11
13 Tagairtí Cros  

Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.


Cuimhnigh, a Thiarna, in aghaidh chlann Eadóm, lá treascartha Iarúsailéim, nuair a dúirt siad: “Scriosaigí í, scriosaigí í; leagaigí go talamh í.”


Nuair a fheiceann tú gadaí téann tú i bpáirt leis agus gabhann tú i gcomhar le lucht adhaltranais.


Dúirt siad: “Déanaimis a scriosadh mar phobal; go ndéanfar dearmad ar ainm Iosrael feasta.”


Déanann siad cogar le chéile d'aon intinn; déanann siad cor agus conradh i do choinne.


“De bhrí go ndúirt tú: ‘Is liomsa an dá chine agus an dá thír seo: rachaimid ina seilbh san áit ina mbíodh an Tiarna.”


Taispeánfaidh mé iontais sa spéir agus ar an talamh, fuil agus tine agus colúin deataigh.


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Ghazá, In éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar an bpionós. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm,


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca na Tuíre, in éiric a ceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm agus nár chuimhin leo conradh na mbráithre,


Ach ina dhiaidh sin féin tugadh chun siuíl í; d'imigh sí léi i mbraighdeanas; rinneadh deargár ar a páistí chomh maith ag cúinní na sráideanna uile; cuireadh a daoine uaisle ar chrainn agus ceanglaíodh a fir cháiliúla le slabhraí.


A chonách sin orthu de dheasca a n‑uabhair! Mar thug siad aithis do phobal Thiarna na Slua, agus rinne siad maíomh ina aghaidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí