Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Obaidiá 1:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 “Beidh brat náire ort faoin bhforéigean a rinneadh ar do bhráthair Iósaef, agus rachaidh tú ar ceal go brách.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 ¶ Ar son thfoiréigin a naghaidh do bhrathair Iácob foileochuidh náire thú, agus géarrfuighear amach thú go bráth.

Féach an chaibidil Cóip




Obaidiá 1:10
30 Tagairtí Cros  

Dúirt Iacób lena mháthair Ribeacá: “Féach, tá mo dheartháir Éasau lán d'fhionnadh, ach tá mo chneas-sa mín.


Thug Éasau fuath do Iacób de bharr na beannachta lenar bheannaigh a athair é, agus dúirt Éasau leis féin: “Is gearr uainn an lá ina mbeidh m'athair á chaoineadh againn, agus ansin maróidh mé mo dheartháir Iacób.”


Rinne Eadóm ionradh arís agus bhris siad ar Iúdá, agus thug siad bránna leo.


Go n‑éadaítear lucht mo chúisithe i dtarcaisne; agus go gclúdaítear iad le náire mar le fallaing.


Clúdóidh mé a naimhde le náire, ach caithfidh sé féin a choróin faoi ghradam.


Cuimhnigh, a Thiarna, in aghaidh chlann Eadóm, lá treascartha Iarúsailéim, nuair a dúirt siad: “Scriosaigí í, scriosaigí í; leagaigí go talamh í.”


Nára cúis náire mé do d'aos muiníne, a Thiarna Dia na slua. Nára cúis anbhá mé dá mbíonn ag feitheamh leat, a Dhia Iosrael.


Chuir tú cosc lena ghlóir-réim; leag tú a ríchathaoir ar lár.


Tá beannachtaí an Tiarna ar cheann an fhíréin, ach tá an foréigean i bhfolach i mbéal an urchóidigh.


Masla don chruthaitheoir is ea fonóid faoin mbocht; an té a gháireann faoin ainnise, ní rachaidh sé gan phionós.


Is mar seo a deir an Tiarna: “Maidir leis na drochchomharsana agam uile, a thóg i láimh an oidhreacht a bhronn mise ar mo phobal Iosrael, tarraingeoidh mé as a ndúichí anois iad. (Ach tarraingeoidh mé teach Iosrael as a lámha.)


Luímis síos inár náire, agus folaíodh ár n‑easonóir sinn, óir pheacaíomar in aghaidh an Tiarna ár nDia (sinn féin agus ár n‑aithreacha ónár n‑óige go dtí inniu; agus níor éisteamar le guth an Tiarna ár nDia).”


Óir mhionnaigh mise dar mé féin - an Tiarna a labhraíonn: Beidh Bozrá ina uafás, ina scige, ina fhásach, ina mhallú, agus a bhailte uile ina bhfásach síoraí.”


‘Tugadh náire dúinn nuair a chualamar an scannal, d'fholaigh náire ár n‑aighthe; mar ghabh eachtrannaigh isteach i sanctóir Theampall an Tiarna.’


Déan áthas agus gairdeas, a iníon Eadóm, tusa, a chónaíonn i dtír Úz; sínfear an cupán chugatsa chomh maith; beidh tú ar meisce agus caithfidh tú díot anuas.


Tá do phionósú curtha ar ceal, a iníon Shíón; ní dhíbreoidh sé thar tír amach thú choíche arís; ach smachtóidh sé thusa, a iníon Eadóm, de dheasca d'urchóide agus nochtfaidh sé do chuid peacaí.


Fágfaidh mé thú i d'fhásach buan agus ní fhillfear ar do chathracha cónaithe. Tuigfidh tú ansin gur mise an Tiarna.


Crioslaíonn siad iad féin le sacéadach, agus iad uile ar ballchrith le huafás. Tá náire ar an uile aghaidh agus maoile ar an uile cheann.


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Eadóm, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur chiap sé a dheartháir leis an gclaíomh agus gur rad uaidh gach uile thrua, go mbíodh sé i gcónaí confach agus gur chothaigh ann féin de shíor an fhearg,


Feicfidh mo namhaid é seo agus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa: “Cá bhfuil do Dhia?” Bainfidh mé lán na súl aisti; gabhfar de chosa inti anois mar lathach na sráideanna.


Ná bíodh fuath agat don Eadómach óir is bráthair duit é, ná don Éigipteach mar gur dheoraí thú ina thír.


Bíodh cead isteach i dTionól an Tiarna ag an tríú glúin dá sliochtsan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí