Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 149 - An Bíobla Naofa 1981


Amhrán Bua

1 Alleluia. Canaigí amhrán nua don Tiarna; moltar é i gcomhthionól na bhfíréan.

2 Déanadh Iosrael gairdeas faoina gcruthaitheoir; bíodh ríméad ar chlann Shíón faoina Rí.

3 Molaidís a ainm le rince; déanaidís ceol ar an gcláirseach is ar an gcruit.

4 Óir tugann an Tiarna taitneamh dá phobal; tugann sé an bua do lucht na huirísle.

5 Bíodh gairdeas ina nglóir ag na fíréin; canaidís le lúcháir ina leapacha.

6 Bíodh mórmholtaí Dé ina mbéal acu; agus claíomh an dá fhaobhar ina láimh.

7 D'fhonn díoltas a agairt ar na ciníocha, agus diansmacht a chur ar na náisiúin,

8 D'fhonn a ríthe a cheangal i gcuibhreacha, agus a n‑uaisle i ngeimhleacha iarainn,

9 D'fhonn breithiúnas a chur i bhfeidhm mar a ceapadh dóibh; is í an ghlóir seo atá i ndán dá naoimh uile.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí