Is ann a lonnaigh do phobal de bharr do chineáltais mar a ndearna tú soláthar, a Dhia, do lucht an ghátair.
Matha 9:37 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin dúirt sé lena dheisceabail: “Tá an fómhar fairsing ach níl ann ach meitheal bheag. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dúirt sé ansin lena dheisceabail, “Tá fómhar fairsing ann, agus gan ach beagán buanaithe ann; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin deir sé le n-a dheisciobail: Tá an fhóghmhar mór go dearbhtha, acht tá na h-oibridhthe gann. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Go fírinneach, is mór é an fóghmhar, acht is gann iad na h‐oibridhthe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A deir sé an tansin re na dheisgioblaibh, Go deimhin is mór an fóghmhair, agus is beag an luchd oibre; Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh: Tá an fóghmhar mór ach tá an lucht oibre suarach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin dúirt sé lena dheisceabail: “Tá an fómhar fairsing ach níl ann ach meitheal bheag. |
Is ann a lonnaigh do phobal de bharr do chineáltais mar a ndearna tú soláthar, a Dhia, do lucht an ghátair.
“Óir is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag fear tí a ghabh amach go moch ar maidin chun lucht oibre a fhostú i gcomhair a fhíonghoirt.
Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,
Dá bhrí sin guígí Máistir an fhómhair go gcuireadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.”
Agus dúirt sé leo: “Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile.
Dúirt sé leo: “Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfeadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.
agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí á bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim.
Bhí aisling ag Pól ann oíche amháin: bhí fear ón Macadóin ina sheasamh ann, ag impí air agus ag rá: “Tar anall go dtí an Mhacadóin ag cabhrú linn.”
mar táimse leat agus ní leagfaidh duine ar bith barr méire ort chun dochar a dhéanamh duit, mar tá pobal mór agamsa sa chathair seo.”
Ag obair dúinn i gcomhar leis impímid oraibh gan an grásta a fuair sibh uaidh a chur amú.
Cuireann Íosa, dá ngairtear Iústas, a bheannacht chugaibh freisin. Sin iad na haon daoine de lucht an timpeallghearrtha atá ag cabhrú liom chun ríocht Dé a leathadh agus is sólás dom iad.
Na seanóirí a chruthaíonn go maith mar uachtaráin, tá a dhá oiread onóra ag dul dóibh, agus iad siúd go háirithe a chaitheann a ndúthracht leis an tseanmóireacht agus leis an teagasc,
Féach, tuarastal na n‑oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe.