Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 9:12 - An Bíobla Naofa 1981

Chuala sé iad agus dúirt: “Ní ag na daoine slána a bhíonn gá le lia ach ag na daoine tinne.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ach nuair a chuala seisean é, dúirt sé, “Níl feidhm lia ar an dream atá ina sláinte, ach ar an dream atá breoite.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Acht chuala Íosa iad, agus dubhairt: Ní ar na daoine slána a bhíos liaigh do dhíth, acht ar na daoine breoidhte.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Acht nuair do‐chuala seisean é, adubhairt sé, Ní h‐iad‐san atá slán ag a bhfuil gábhadh le liaigh, acht iad atá breoite.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus an tan do chúalaigh Iósa so, a dubháirt sé ríu, Ní ag an mhuinntir a tá slán atá féidhm ar an líaigh, ach dag an mhuinntir a tá easlán.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ach d’airigh Íosa an focal, agus dubhairt sé: Ní h-ag daoine slána atá gádh le liaigh ach ag daoine breóite.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Chuala sé iad agus dúirt: “Ní ag na daoine slána a bhíonn gá le lia ach ag na daoine tinne.

Féach an chaibidil



Matha 9:12
17 Tagairtí Cros  

Leigheasann sé lucht an chroí bhriste; agus déanann a gcréachtaí a cheangal.


Tabharfaidh sé neart dó ar leaba a thinnis agus déanfaidh a leigheas le linn a bhreoiteachta.


A Thiarna, ná lochtaigh mé i d'fhearg agus ná cuir pionós orm is tú ar buile chugam.


Slánaigh mé a Thiarna, agus beidh mé slán go cinnte, sábháil mé agus beidh mé sábháilte, óir is tú amháin mo [dhóchas].


Ach casfaidh mise do shláinte ar ais chugat, agus leigeasfaidh mé do chréachtaí - an Tiarna a labhraíonn. Óir ghairidís ‘An Díbeartach'díot, ‘Éadáil linn ar cuma le haon duine í!’


Ach féach, brostóidh mise chucu biseach agus leigheas; leigheasfaidh mé iad agus cuirfidh mé in aithne dóibh iomláine na síochána agus na sábháilteachta.


Nach bhfuil íocshláinte feasta i nGileád? Nach bhfuil aon lia ann? Cad chuige mar sin nach ndéanann sé aon dul ar aghaidh, an leigheas seo iníon mo dhaoine?


Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír, ná ní rachaimid i muinín eachra; go deo arís ní chanfaimid: “A Dhia linn” do dhéantús ár lámh; (óir is tú a ghlacann trua don dílleachta).


“Óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a shlánú.


Ar a chloisteáil sin d'Íosa dúirt sé leo: “Ní ag na daoine atá slán a bhíonn gá le lia ach ag na daoine atá tinn. Ní fíréin a tháinig mé a ghlaoch ach peacaigh.”


Agus dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Ní ag na daoine folláine a bhíonn gá le lia, ach ag na daoine tinne.


Agus bean a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag, agus a bhí tar éis a maoin shaolta uile a chaitheamh le lianna, ach nárbh fhéidir le haon duine í leigheas,


Ach ó bhí a fhios sin ag na sluaite, lean siad é; agus chuir sé fáilte rompu agus bhí ag caint leo faoi ríocht Dé, agus ag leigheas na ndaoine a bhí i ngá a leigheasta.


Cuireann an dochtúir lách, Lúcás, agus Déamas, a mbeannacht chugaibh mar an gcéanna.