Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”
Matha 8:34 - An Bíobla Naofa 1981 Agus seo amach muintir na cathrach go léir in airicis Íosa; ach nuair a chonaic siad é, d'iarr siad air a gceantar féin a fhágáil. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Bʼshiud lucht uile na cathrach ag teacht amach in airicis Íosa; agus nuair a chonaic siad é, chuir siad achainí air a ndúiche a fhágáil. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus féach, chuaidh an chathair uilig amach i n-airicis Íosa, agus nuair a chonnaic siad é, d’iarr siad air imtheacht as a dtír. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus féach, tháinig muinntear na cathrach go léir amach chum Íosa, agus nuair do chonnacadar é, d’iarradar air imtheacht as a ndúthaigh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, Féuch, do chúaidh an chathair uile a mach do theagmháil air Iósa: agus an tan do chunncadar é, do iarradar air imtheachd as a ttórannaibh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus féach, do ghluais muintir na catharach go léir amach i gcoinnibh Íosa; agus nuair a chonacadar é d’iarradar air imtheacht as a dtír. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus seo amach muintir na cathrach go léir in araicis Íosa; ach nuair a chonaic siad é, dʼiarr siad air a gceantar féin a fhágáil. |
Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”
Ach is iadsan a deir le Dia: “Imigh uainn! Ní áil linn eolas a chur ar do bhealaí!
Dúradar le Dia: “Imigh uainn!” Agus “Cad is féidir don Uilechumhachtach a dhéanamh linne?”
Dúirt Amaiziá le hAmós: “Imigh leat a fhísí, fill ar thír Iúdá; saothraigh do chuid aráin ansin, déan do chuid tairngreachta ansin.
Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?”
Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.”
Agus ar fheiceáil Íosa dó, scread sé amach agus chaith é féin síos roimhe agus dúirt de ghlór ard: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Iarraim ort, ná déan mé a chrá.”
Chuaigh siad chucu mar sin agus ghabh a leithscéal leo. Sheol siad amach ansin iad agus d'iarr orthu an chathair a fhágáil.
Cén fáth go bhfaighimis bás anois? Óir loiscfidh an tine mhór seo sinn; má chloisimid glór an Tiarna ár nDia an dara huair ní baol ná go dtitfidh an t‑anam asainn.
Rinne Samúéil mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh go Beithil. Tháinig seanóirí an bhaile ina airicis agus iad ar ballchrith agus dúirt siad: “An mar chara a thagann tú?”