Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
Matha 8:31 - An Bíobla Naofa 1981 agus rinne na deamhain achainí air: “Má thiomáineann tú amach sinn, cuir isteach i dtréad na muc sinn.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus chuir na deamhain impí air, “Má tá fút ár ndíbirt, cuir amach sinn agus isteach i dtréad na muc.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’athchuing na deamhain air, ag rádh: Má theilgeann tú as seo sinn, cuir isteach sinn i dtréad na muc. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’iarr na deamhain d’athchuinghe air, Má chaitheann tú amach sinn, cuir isteach i dtréad na muc sinn. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do íarradar na deamhain athchuingídh airsean, ag rádh, Ma theilgeann tú a mach sinn, léig dhúinn dul sa trend muc úd. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’iarr na deamhain achainighe air: Má chuireann tú as so sinn, ar siad, cuir ins na mucaibh sinn. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus rinne na deamhain achainí air: “Má thiománann tú amach sinn, cuir isteach i dtréad na muc sinn.” |
Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
“Ná tugaigí do na madraí an rud a bhíonn beannaithe, agus ná caithigí bhur gcuid péarlaí mar bhia chun na muc: satlóidh siad faoina gcrúba iad agus iompóidh siad oraibh féin do bhur réabadh.
Dúirt sé leo: “Amach libh.” Tháinig siad amach agus isteach leo sna muca, agus seo an tréad ar fad ina ruathar le fána isteach san fharraige gur cailleadh san uisce iad.
agus rinne siad achainí air: “Cuir ag triall ar na muca sinn, go dtéimis isteach iontu.”
agus ag screadach de ghlór ard dúirt: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Cuirim ort, as ucht Dé, gan mé a chrá,”
Uime sin, bíodh lúcháir oraibh a fhlaitheasa, agus sibhse a chónaíonn iontu. Is mairg don talamh, agus don fharraige, óir chuaigh an diabhal síos chugaibh faoi chuthach feirge agus a fhios aige nach bhfuil aige ach uain ghearr.”