Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Deir an pobal seo: Níor tháinig an t‑am fós chun Teampall an Tiarna a tógáil.”
Matha 8:21 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt fear eile leis, duine de na deisceabail: “A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus m'athair a adhlacadh.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dúirt duine de na deisceabail leis, “A Thiarna, lig dom imeacht a adhlacadh mʼathar.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt duine eile dá dheisciobail leis: A Thighearna, leig damh-sa dul a chéadradh, agus m’athair a chur. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt duine eile d’á dheisceablaibh leis, A Thighearna, leig dom imtheacht ar dtús agus m’athair d’adhlacadh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt fear eile dá dheisgiobluibh ris, A Thighearna, léig dhamhsa imtheachd ar tús agus máthair daghlacadh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhairt deisgiobul eile leis, A Thighearna, leig dom dul ar dtúis agus m’athair d’adhlacadh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt fear eile leis, duine de na deisceabail: “A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus mʼathair a adhlacadh.” |
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Deir an pobal seo: Níor tháinig an t‑am fós chun Teampall an Tiarna a tógáil.”
Agus duine ar bith a d'fhág tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha, nó athair nó máthair, nó bean, nó clann, nó tailte mar gheall ar m'ainm, gheobhaidh sé níos mó faoi chéad agus an bheatha shíoraí mar oidhreacht.
Dúirt Íosa leis: “Tá pruchóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.”
As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh.