Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hag 1:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Deir an pobal seo: Níor tháinig an t‑am fós chun Teampall an Tiarna a tógáil.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 ¶ Is marso labhrus TIGHEARNA na slógh, ag rádh, A deirid na daóinesi, Ní tháinic an tam fós, an tam ionar chóir tigh an TIGHEARNA do chur súas.

Féach an chaibidil Cóip




Hag 1:2
14 Tagairtí Cros  

Ach faoin tríú bliain fichead de réimeas Ióáis rí, ní raibh aon deisiú déanta ag na sagairt ar an Teampall.


A luaithe a léadh an chóip de litir Artaxarxaes i láthair Rachúm an rialtóir agus Shimseai an runaí agus a gcomhghleacaithe, bhrostaigh siad leo go dtí na Giúdaigh in Iarúsailéim, agus chuireadar d'iallach orthu le teann foréigin scor dá gcuid oibre.


Ón lá sin amach ní bhíodh ach leath mo chuid fear ag tógáil; bhíodh an chuid eile ina seasamh, agus sleánna sciatha boghanna agus lúireacha acu, ar chúl teaghlach Iúdá,


“Tá leon lasmuigh,” a deir an leisceoir! “Marófar sa tsráid mé!”


Is gaiste é eagla roimh dhaoine, ach ní baol don té a chuireann a mhuinín sa Tiarna.


An té a bhíonn ag faire na gaoithe, ní chuirfidh sé síol choíche agus an té a bhíonn ag iniúchadh na scamall, ní bhainfidh sé fómhar go deo.


tráth maraithe, tráth leighis, tráth leagtha, tráth tógála,


Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.


Sa dara bliain de réimeas Dháire rí, ar an gcéad lá den séú mi, labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí le Zarubáibil, mac Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá agus leis an ardsagart Iósua, mac Iózádác, mar a leanas:


Ansin labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí mar a leanas:


Ach dúirt na daoine a chuaigh suas fairis: “Ní féidir dúinn máirseáil i gcoinne na ndaoine seo; is treise iad ná sinne.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí