Hag 1:1 - An Bíobla Naofa 19811 Sa dara bliain de réimeas Dháire rí, ar an gcéad lá den séú mi, labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí le Zarubáibil, mac Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá agus leis an ardsagart Iósua, mac Iózádác, mar a leanas: Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Annsa dara blíadhain do Dhárius an rígh, annsa seiseadh mhí, annsa chéad lá don mhí, tháinic bríathar an TIGHEARNA le Haggai an fáigh go Serubbabel mhac Sealtiel, úachdarán Iúdah, agus go Iosua mhac Iosedech, an tárdshagart, ag rádh, Féach an chaibidil |
Ba sa dara mí den dara bliain tar éis dóibh teacht go Teampall Dé in Iarúsailéim a chrom Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar an obair leis an gcuid eile dá mbráithre, na sagairt, na Léivítigh agus an mhuintir go léir a d'fhill ar Iarúsailéim ón deoraíocht. Cheap siad na Léivítigh a bhí fiche bliain d'aois nó os a chionn i bhfeighil na hoibre ar Theampall an Tiarna.
Ansin dúirt (an gobharnóir, Nihimiá agus) Eazrá an sagart agus an scríobhaí (agus na Léivítigh a bhí ag teagasc an phobail) leis an bpobal go léir: “Lá atá coisricthe don Tiarna bhur nDia is ea an lá seo. Ná bígí ag caoineadh ná ag olagón.” Mar bhí an pobal go léir ag sileadh na ndeor nuair a chuala siad briathra an dlí.