Imigh leat, mar sin; ith do chuid aráin le háthas agus ól do chuid fíona le croí meidhreach, mar tá do ghníomhartha taitneamhach le Dia cheana féin.
Matha 8:13 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leis an taoiseach céad ansin: “Imigh leat; agus bíodh agat de réir mar a chreid tú.” Agus ar an nóiméad sin féin, leigheasadh an giolla. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt Íosa leis an gceantúir, “Imigh; go ndéantar duit mar atá creidte agat.” Agus leigheasadh an seirbhíseach in alt na móiminte úd. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Íosa leis an cheanntúir: Imthigh, agus bíodh duit do réir mar chreid tú. Agus fuair an giolla a shláinte ar an uair sin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt Íosa leis an gceanntúir, Imthigh ort; de réir mar do chreidis go ndéantar duit. Agus do leigheasadh an giolla an uair chéadna sin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iósa ris an gcaiptín, Imthigh romhad; agus biodh dhuit, do réir mar do chreid tú. Agus do slánuigheadh a shearbhfhoghantaidhe ar a núair sín. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Íosa leis an dtaoiseach céad: Imthigh ort, agus fé mar a chreidis deintear duit. Agus tháinig a shláinte do’n bhuachaill an uair sin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leis an taoiseach céid ansin: “Imigh leat; agus bíodh agat de réir mar a chreid tú.” Agus ar an nóiméad sin féin, leigheasadh an giolla. |
Imigh leat, mar sin; ith do chuid aráin le háthas agus ól do chuid fíona le croí meidhreach, mar tá do ghníomhartha taitneamhach le Dia cheana féin.
Ansin dúirt Íosa léi á freagairt: “Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Bíodh agat mar is áil leat.” Agus bhí a hiníon leigheasta ón nóiméad sin.
Dúirt sé leo: “De dheasca a laghad creidimh a bhí agaibh. Óir deirim libh go fírinneach: má bhíonn oiread an ghráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, féadfaidh sibh a rá leis an sliabh seo: ‘Aistrigh as seo anonn’, agus aistreoidh, agus ní bheidh rud ar bith a rachaidh díbh.
Dúirt Íosa leis ansin: “Ná hinis do dhuine ar bith é, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin, agus déan an ofráil a d'ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”
Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: “Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.” Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach.
Agus dúirt sé léi: “Mar gheall ar an bhfocal sin, imigh leat: tá an deamhan tar éis imeacht as d'iníon.”
Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, tá do mhac beo.” Chreid an duine an focal a dúirt Íosa leis agus d'imigh.