D'amharc sé thart agus siúd ag a cheann toirtín a bruitheadh ar leaca te agus crúiscín uisce. D'ith sé agus d'ól sé agus ansin luigh sé síos arís.
Matha 6:32 - An Bíobla Naofa 1981 Nithe iad siúd uile a mbíonn na págánaigh ar a dtóir; rud eile, tá a fhios ag bhur nAthair neamhaí go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin uile. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Bíonn na nithe seo uile ina gcúram ag na Gintlithe; agus is feasach do bhur nAthair neamhaí go bhfuil riachtanas agaibh leo siúd uile. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir is iad seo uilig na neithe a iarras na págánaigh. Óir tá a fhios ag bhur n-Athair go bhfuil na neithe sin uilig do dhíth oraibh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir is iad sin na neithe go mbíonn tóir ag na Págánachaibh ortha; óir is eol d’bhúr nAthair neamhdha go bhfuil gábhadh agaibh leis na neithibh sin go léir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) (Oír a siád so uile iárruid na Cinidheacha:) óir áta a fhios ag bhur Nathair neamhdha go bhfuil a ríachdanas so uile oraibh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir, siniad na neithe go mbíd na geinte ’ghá lorg. Óir tá ’fhios ag bhúr n-Athair go bhfuil gádh agaibh leis na neithibh sin go léir. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nithe iad siúd uile a mbíonn na págánaigh ar a dtóir; rud eile, tá a fhios ag bhur nAthair neamhaí go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin uile. |
D'amharc sé thart agus siúd ag a cheann toirtín a bruitheadh ar leaca te agus crúiscín uisce. D'ith sé agus d'ól sé agus ansin luigh sé síos arís.
Amhail is trua leis an athair a chlann, is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.
Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoine a bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo. Líonann tú a mbolg as do líonmhaireacht go mbíonn díol a sáithe ag a gclann, agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí.
Agus an n‑iarrann tusa nithe móra duit féin? Ná hiarr, óir tabharfaidh mé anró anois ar an uile fheoil - is é an Tiarna a labhraíonn. Ach tabharfaidh mé d'anam duitse, cibé áit a rachaidh tú.’ ”
Ná déanaigí aithris orthu; mar is eol do bhur nAthair na nithe a theastaíonn uaibh sula n‑iarrann sibh air iad.
Óir is iad na nithe sin uile a mbíonn págánaigh an domhain seo ar a dtóir; ach tá a fhios ag bhur nAthair go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin.
Is é a deirim libh, mar sin, in ainm an Tiarna, gan bhur saol a chaitheamh ar nós na bpágánach a mbíonn a n‑aird ar nithe baotha,
Agus déanfaidh mo Dhia riar go fial ar gach riachtanas daoibhse as a fhlúirse féin i nglóir in Íosa Críost.
agus gan a bheith tugtha do na paisin ainrianta ar nós na bpágánach nach bhfuil aon aithne ar Dhia acu;