Is eol dom freisin gur síoraí suthain gach uile ní a dhéanann Dia; ní féidir cur leo nó baint uathu. Is mar seo a rinne Dia iad le go mbeadh eagla ar dhaoine roimhe.
Matha 6:27 - An Bíobla Naofa 1981 Cé agaibh a d'fhéadfadh, le bheith ag déanamh imní, aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus cé agaibh a bhfuil a imní in inmhe aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus cé agaibh, le meabhrughadh, a dtig leis aon bhannlámh amháin a chur le n-a áirde? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus cia agaibh d’fhéadfadh, le méid a imnidhe, bannlámh amháin do chur le n‐a aoirde féin? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus cía agaibh lé na iomad curium fhéadas áonbhannlamh do chur lé na aírde féin? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Cé’cu agaib-se, ag machtnamh dó air, d’fhéadfadh aon bhanlámha amháin do chur le n-a aoirde? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Cé agaibh a dʼfhéadfadh, le bheith ag déanamh imní, aon bhan-lámh amháin a chur le fad a shaoil? |
Is eol dom freisin gur síoraí suthain gach uile ní a dhéanann Dia; ní féidir cur leo nó baint uathu. Is mar seo a rinne Dia iad le go mbeadh eagla ar dhaoine roimhe.
ná mionnaigh dar do cheann ach chomh beag, mar ní féidir duit aon ribe amháin de a dhéanamh geal ná dubh.
“Sin é an fáth a ndeirim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia nó dí, na faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Nach mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t‑éadach?
Agus cé an fáth a bhfuil sibh imníoch i dtaobh an éadaigh? Tugaigí faoi deara lilí an bháin, mar a fhásann siad; ní dhéanann siad saothar ná sníomh.
Dá bhrí sin, ná bígí go himníoch ag fiafraí: ‘Cá bhfaighimid bia, nó deoch, nó éadach?’
Mar sin, ná bígí imníoch faoin lá amárach; beidh an lá amarach imníoch faoi féin. Is leor do gach lá a chuid féin den trioblóid.
Dúirt an Tiarna léi á freagairt: “A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe.
Nuair a thabharfar sibh i láthair na sionagóg agus na ngiúistísí agus an lucht údaráis, ná bígí go himníoch ag fiafraí conas bhur gcúis a phlé, ná cad a déarfaidh sibh;
Dúirt sé lena dheisceabail: “Sin é an fáth a n‑abraim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh.
Faoi mar atá, áfach, shocraigh Dia gach ball ar leith de na baill bheatha sa chorp de réir mar ab áil leis féin é.
Ná bígí imníoch faoi rud ar bith ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan.