Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Cóheilit 3:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Is eol dom freisin gur síoraí suthain gach uile ní a dhéanann Dia; ní féidir cur leo nó baint uathu. Is mar seo a rinne Dia iad le go mbeadh eagla ar dhaoine roimhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Atá a fhíos agam, gach a ndéanann Día, go mbía sin siorruidhe: ní féidir éinní do chur na chionn, nó éainní do bhuáin de: agus do ní Día so, chor go mbíath eagla ag na daoinibh roimhe.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 3:14
30 Tagairtí Cros  

Dia seo againn, tá a shlí gan cháim; níl fochall i bhfocal an Tiarna; is sciath é don mhuintir go léir a théann faoina dhídean.


Maireann comhairle an Tiarna go brách agus a smaointe ó aois go haois.


A dteanga féin a dhéanfaidh iad a mhilleadh, agus déanfaidh a bhfeicfidh iad fonóid fúthu.


Nuair a d'éirigh Dia a thabhairt breithiúnais, a tharrtháil daoine ísle na cruinne. Selah


Is iomaí beartas a bhíonn á dtaibhreamh do dhuine, ach is é aidhm an Tiarna a sheasfaidh buan.


Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle an fód in aghaidh an Tiarna.


Ná cuir lena bhriathra, ar eagla go lochtódh sé thú agus go dtaispeánfadh sé gur bréagadóir thú.


Mar choimriú scoir ar a bhfuil cloiste agat: bíodh eagla Dé ort agus coimeád a aitheanta, mar is é sin príomhdhualgas an duine.


Óir as an iomad taibhreamh tagann baois agus barraíocht baothchainte. Maidir leatsa, áfach, bíodh eagla ort roimh Dhia.


Má fheiceann tú foréigean á imirt ar bhochtáin agus an ceart agus an chóir á gcur as a ríocht sa stát, ná bíodh aon ionadh ort faoi, mar bíonn an t‑ardfheidhmeannach ag faire ar an bhfeidhmeannach agus tá feidhmeannaigh eile ann atá níos airde ná ceachtar acu.


Is maith an rud é cloí le ceann amháin de na prionsabail seo ach gan neamhaird a thabhairt ar an gceann eile; óir an duine a bhfuil eagla Dé air comhlíonann sé a dhualgas ar gach bealach.


Foilsím ón tús an deireadh a bheidh ann, foilsím riamh anall rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill! Deirim: Déanfar mar a bheartaím agus gach is áil liom cuirfidh mé i gcrích.


Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle cinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, á thairneáil ar an gcrois trí lámha mallaitheoirí.


agus rinne siad an ní a bhí ceaptha agatsa a thitim amach le do chumhacht agus le do chomhairle féin.


ach más ó Dhia é ní bheidh ar bhur gcumas-sa iad seo a chur ar neamhní - agus b'fhéidir gur ag cur in aghaidh Dé a bheadh sibh.” Rinne siad rud air:


Mar is uaidhsean agus trídsean agus dósan gach uile ní dá bhfuil ann. Glóir go deo leis. Amen.


de réir an bheartais shíoraí a chuir sé i bhfeidhm i gCríost Íosa ár dTiarna.


Eisean an Charraig, níl locht ar a shaothar, mar is fíréan iad a bhealaí go léir. Dia dílis é gan éagoir; eisean an Chóir féin agus an Ceart.


le súil go mbainfidís amach an bheatha shíoraí. Gheall Dia, nár thug éitheach riamh, an bheatha seo dúinn roimh thús aimsire


Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe.


Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna, agus nach dtabharfaidh glóir do d'ainm? Óir is tú amháin is naofa. Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós, óir foilsíodh do bhreithiúnais.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí