Tá an Tiarna ina theampall naofa, ar neamh atá a chathaoir ríoga. Breathnaíonn a shúile [na hísle]; tástálann siad clann na ndaoine.
Matha 5:34 - An Bíobla Naofa 1981 Ach is é a deirimse libh, gan mionn ar bith a thabhairt: gan a thabhairt dar neamh, óir is é ríchathaoir Dé é; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is é a deirimse libh, gan ní ar bith a thabhairt mar mhionn, ná tabhair neamh, ós í ríchathaoir Dé í, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht deirim-se libh gan mionna a thabhairt ar chor ar bith: ná mionnuigh dar neamh, óir is í cathaoir Dé í; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) acht adeirim‐se libh gan dearbhú ar chor ar bith; gan dearbhú dar neamh, mar is í ríogh‐chathaoir Dé í; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a deirimsi ribh, Na tabhruidh mionna ar bith; na tabhruidh neamh; óir a sé caithír Dé é: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach deirim-se libh gan dearbhú i n-aon chor; gan dearbhú dar neamh, mar isé sin cathaoir ríoga Dé; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach is é a deirim-se libh, gan mionn ar bith a thabhairt: gan a thabhairt dar Neamh, óir is í rí-chathaoir Dé í; |
Tá an Tiarna ina theampall naofa, ar neamh atá a chathaoir ríoga. Breathnaíonn a shúile [na hísle]; tástálann siad clann na ndaoine.
Óir, is í an t‑aon chinniúint amháin atá i ndán do chách: don fhíréan agus don pheacach, don dea-dhuine agus don drochdhuine, don duine glan agus don duine neamhghlan, don duine a ofrálann íobairt agus don duine nach n‑ofrálann íobairt; is ionann cor don duine macánta agus don duine urchóideach, don té a mhionnaíonn go tobann agus don té a bhfuil eagla air mionn a thabhairt.
Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.
Seo mar a deir an Tiarna: Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga agus an talamh stól mo chos! Cá bhfuil an teach a d'fhéadfadh sibh a thógáil dom? Cén áit a dhéanfadh cónaí dom?
‘Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga, agus an talamh stól mo chos. Cén sórt tí a thógfaidh sibhse dom, arsa an Tiarna, nó cá mbeidh m'áit chónaithe?
Ach thar aon ní eile, a bhráithre liom, ná tugaigí mionn, dar neamh ná dar talamh, ná dar aon mhionn eile. Nuair a bhíonn “sea” le rá agaibh, abraigí “sea,” agus “ní hea” nuair is “ní hea,” ionas nach dtiocfadh an daorbhreith oraibh.