Tá glór ag fógairt: “Réitigí cosán san fhásach le haghaidh an Tiarna. Déanaigí díreach thar an machaire bealach mór dár nDia.
Matha 3:3 - An Bíobla Naofa 1981 Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh san fhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chasáin.’ ” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar is é sin an té ar labhair an fáidh Ísáia air nuair a dúirt sé, “Glór duine ag glaoch ar an bhfásach: Ullmhaígí slí an Tiarna, dírígí na cosáin roimhe.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir is é seo an té ar labhradh air tré Isaias, fáidh, a dubhairt: Guth duine ag glaodhach san fhásach: Ullmhuighigidh slighe an Tighearna; déanaigidh díreach a chasáin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir is eisean an té úd ar ar labhair Ésáias fáidh, nuair adubhairt se, Guth an té atá ag glaodhach sa bhfásach, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, Déanaidh a chosáin díreach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír a sé so an té úd air ar labhair Isaias faígh, ag radh, Guth an té éimhgheas air an bhfasach, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, déanuidh a chasain díreach. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir sin é an t-é ar ar labhair Isáias Fáidh nuair adubhairt sé: Guth duine ag glaodhach sa bhfásach, Ollamhuighidh an tslígh do’n Tighearna; deinidh a bhóithre do dhíriú dhó. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh sa bhfhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin.’” |
Tá glór ag fógairt: “Réitigí cosán san fhásach le haghaidh an Tiarna. Déanaigí díreach thar an machaire bealach mór dár nDia.
“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.
Glór duine ag éamh san fhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin.’ ”
Gluaisfidh sé roimhe amach le spiorad agus le cumhacht Éilias, chun croíthe na n‑aithreacha a iompú i leith na clainne, agus lucht na heasumhla chun eagna na bhfíréan, chun pobal a dhiongbhála a ullmhú don Tiarna.”
Agus tusa, a leanbh, glaofar ortsa fáidh an Té is Airde, óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthar,
Dúirt sé: “Is glór duine mé ag éamh san fhásach: ‘Déanaigí díreach bóthar an Tiarna,’ mar a dúirt Íseáia fáidh.”