Foilseoidh mé reacht an Tiarna. “Is tú mo mhac,” a dúirt an Tiarna liom, “inniu is ea a ghin mé thú.
Matha 3:17 - An Bíobla Naofa 1981 Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus bʼshiúd an glór ó neamh, á rá, “Is é seo mo mhac ionúin; a bhfuil toil agam ann.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus féach, guth as na flaithis ag rádh: Is é seo mo Mhac dílis ina bhfuil mo mhór-thaitneamh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus, féach, guth ó neamh, adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain ’n‐a bhfuil mo mhór‐aoibhneas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus féuch gúth ó neamh, ag rádh, Ag so mo Mhac grádhach so, dá bhfuil mo mhórthoil ann. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus féach, guth as na flathais adubhairt: Isé seo mo mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.” |
Foilseoidh mé reacht an Tiarna. “Is tú mo mhac,” a dúirt an Tiarna liom, “inniu is ea a ghin mé thú.
Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.
Ní foláir don sagart ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca, agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe. Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar a cheann i láthair an Tiarna ar an gcuma sin ar son a shilte.
“Is é seo mo ghiolla, an té ba rogha liom, m'aonghrá ar a bhfuil gnaoi m'anama. Cuirfidh mé air mo Spiorad agus fógróidh sé an reacht do na ciníocha.
Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”
Agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”
Agus tháinig scamall ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis!”
agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”
Agus tháinig glór as an scamall ag rá: “Is é seo mo Mhac, an té is togha liom; éistigí leis!”
Óir tá cion ag an Athair ar an Mac agus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin, agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seo i dtreo go mbeidh ionadh oraibhse.
An tAthair féin a chuir uaidh mé, thug sé fianaise orm. Níor chuala sibh riamh a ghuth ná ní fhaca sibh a dheilbh,
trí Íosa Críost, i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras ina Mhac muirneach.
agus a d'fhuascail sinn ó chumhacht an dorchadais agus d'aistrigh isteach sinn i ríocht a mhic mhuirnigh.
Fuair sé glóir agus onóir ó Dhia an tAthair nuair a seoladh a leithéid seo de ghuth anuas chuige ón Ghlóir Mhaorga: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.”
Má ghlacaimidne le fianaise dhaonna is treise arís fianaise Dé; agus is é seo fianaise Dé gur thug sé teastas gurb é a Mhac é.
Chuala mé glór ó neamh mar ghlór tuiltí lána, agus mar ghlór toirní tréine. Agus an glór a chuala mé, ba chuma é nó glór cruitirí ag cruitireacht lena gcruiteanna.