Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 5:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Má ghlacaimidne le fianaise dhaonna is treise arís fianaise Dé; agus is é seo fianaise Dé gur thug sé teastas gurb é a Mhac é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Má ghlacaimid le fianaise daoine, is mó í fianaise Dé ná í; óir is í seo fianaise Dé gur thug sé fianaise ar a Mhac.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Má ghlacaimíd le fiadhnaise na ndaoine, is mó ’ná sin fiadhnaise Dé: óir is í fiadhnaise Dé, go dtug sé fiadhnaise i dtaobh a mhic.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Dá ngabham chuguinn fíadhnuise dáoineadh, as mó na sin fíadhnuise Dé: óir a sí so fíadhnuise Dé noch do rinne sé dfíadhnuise a dtáobh a Mhic.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Má ghlacaimidne le fianaise dhaonna is treise arís fianaise Dé; agus is é seo fianaise Dé gur thug sé teastas gurb é a Mhac é.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 5:9
13 Tagairtí Cros  

Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”


Ach má dhéanaim, fiú amháin mura gcreideann sibh mé, creidigí sna hoibreacha, i dtreo go mbeadh a fhios agaibh, agus go dtuigfeadh sibh, go bhfuil an tAthair ionam, agus mise san Athair.”


Déanann sibh na scrioptúir a spiúnadh mar gur dóigh libh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibh iontu: agus is iadsan atá ag tabhairt fianaise i mo thaobhsa,


Mar tá an lá ceaptha aige ina dtabharfaidh sé breithiúnas de réir an chirt ar an domhan iomlán; agus tá fear roghnaithe aige chuige, rud a chruthaigh sé do chách uile nuair a thóg sé ó mhairbh é.”


Is finnéithe ar na nithe sin sinne agus an Spiorad Naomh ar thug Dia é dóibh sin atá umhal dó.”


Thug Dia féin dearbhú air le comharthaí agus le héachtaí agus nuair a dáileadh tíolacthaí an Spioraid Naoimh de réir a thola.


Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.


An té a chreideann i Mac Dé tá an teastas sin aige ina chroí istigh; an té nach gcreideann i nDia, bréagnaíonn é mar nach gcreideann sé an teastas a thug Dia ar a Mhac féin.


an Spiorad agus an t‑uisce agus an fhuil, agus tá an triúr ar aon fhocal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí