Truailliú iníon Shíón, nuair a bheidh sí nite ag an Tiarna, agus Iarúsailéim glanta aige den fhuil a doirteadh le siorradh an bhreithiúnais agus siorradh an loiscthe,
Matha 3:11 - An Bíobla Naofa 1981 Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Bímse do bhur mbaisteadh in uisce chun aithrí, ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is mó é ná mise, agus ní fiú mé a chuaráin a iompar; déanfaidh seisean bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh agus leis an tine. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Baistim-se sibh leoga le h-uisce chun aithrighe; acht an té atá le theacht i mo dhiaidh, is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga d’iomchar: baistfidh seisean sibh leis an Spioradh Naomh agus le teinidh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Baistim‐se le h‐uisce sibh chum aithrighe; acht an té atá ag teacht im’ dhiaidh, is treise é ’ná mise, agus ní fiú mise a bhróga d’iomchar: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le teinidh. Atá a cháithteachán ’n‐a láimh aige, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Go deimhin baisdimsi sibh lé huisge do chum aithrighe: achd cheana an té thig am dhíaigh is láidire é ná me, agus ni fíu misi a bhróga diomchur: baisdfe seisean leis an Spioraid Náomh, agus lé teinigh sibh: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Táim-se ag bhúr mbaiste le h-uisge chun aithrighe, ach an t-é atá ag teacht am’ dhiaidh is cómhachtaíghe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a bhróga d’iompar; baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Táim-se do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. |
Truailliú iníon Shíón, nuair a bheidh sí nite ag an Tiarna, agus Iarúsailéim glanta aige den fhuil a doirteadh le siorradh an bhreithiúnais agus siorradh an loiscthe,
Óir doirtfidh mé uisce anuas ar an triomlach, uisce ina thuilte ar an talamh spalptha. Doirtfidh mé mo spiorad ar do phór, mo bheannacht ar shliocht do shleachta.
Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m'ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’; agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”
Tháinig Eoin ag baisteadh san fhásach agus ag fógairt baiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh.
Gluaisfidh sé roimhe amach le spiorad agus le cumhacht Éilias, chun croíthe na n‑aithreacha a iompú i leith na clainne, agus lucht na heasumhla chun eagna na bhfíréan, chun pobal a dhiongbhála a ullmhú don Tiarna.”
d'fhreagair Eoin á rá leo uile: “Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.
Agus ghabh sé ar fud na tíre go léir timpeall na Iordáine ag fógairt bhaiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh,
Tagann Eoin ag tabhairt fianaise ina thaobh agus glaonn in ard a ghutha: “É seo an té a ndúirt mé faoi: ‘An té atá ag teacht í mo dhiaidh, tá an tosach aige orm mar bhí sé ann romham.’ ”
Eisean an té a ndúirt mé faoi: ‘Tá duine ag teacht i mo dhiaidh a bhfuil tosach aige orm, mar bhí sé ann romham.’
rinne Eoin baisteadh le huisce, ach déanfar sibhse a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh i gceann beagán laethanta.”
Dúirt Pól leo: “Is baisteadh aithrí a dhéanadh Eoin agus deireadh sé leis an bpobal nárbh fholáir dóibh creidiúint sa té a bhí le teacht ina dhiaidh, is é sin in Íosa.”
Bhí siad ag cur an bhóthair díobh nuair a tháinig siad chun lochán uisce. “Féach,” arsa an coillteán, “tá uisce anseo. Cad é an bac atá ormsa mo bhaisteadh?”
D'ordaigh sé an carráiste a stop, chuaigh siad beirt, Pilib agus an coillteán, síos isteach san uisce agus bhaist Pilib é.
mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn.
Is mé an duine is dearóile de na naoimh go léir, ach is domsa a tugadh an grásta seo: saibhreas dochuimsithe Chríost a fhógairt do na gintlithe
Agus ní de bharr aon dea-oibreacha fíréantachta a bheith déanta againne é ach as ucht a thrócaire féin. Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n‑athnuachan ag an Spiorad Naomh.
Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”