Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 1:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Tagann Eoin ag tabhairt fianaise ina thaobh agus glaonn in ard a ghutha: “É seo an té a ndúirt mé faoi: ‘An té atá ag teacht í mo dhiaidh, tá an tosach aige orm mar bhí sé ann romham.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 (Thug Eoin fianaise air agus ghlaoigh sé, “Is é sin an té a ndúirt mé faoi, ‘An té a thagann i mo dhiaidh, bíonn tosaíocht aige orm, mar bhí sé ann romhamsa.’”)

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Agus bheir Eoin fiadhnaise faoi, agus labhrann sé ós árd, ag rádh: B’é seo an té fá n-ar dhubhairt mé: An té atá le theacht i mo dhiaidh, tá sé ar n-a mheas rómham: de bhrígh go raibh sé rómham.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Do‐bheir Eoin fiadhnaise ’n‐a thaobh agus glaodhann sé, g‐á rádh, Is é seo an té go ndubhras ’n‐a thaobh, An té atá ag teacht im’ dhiaidh, do cuireadh rómham é, óir bhí sé ann rómham.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Do rinne Eóin fíadhnuisi dhó, agus do éigh sé, ag rádh, As é so an té air ar labhuir mé, An té thig am dhíaigh ata air na ardugha romham: oír ba táosga é ná misi.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Tugann Eóin fiadhnaise ’n-a thaobh, agus labhrann sé os árd agus deir sé: B’é seo an t-é ar a ndubhart: An t-é atá le teacht am’ dhiaidh do cuireadh rómham é, óir bhí sé rómham.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 1:15
21 Tagairtí Cros  

Chruthaigh an Tiarna mé i dtús a shaothair, roimh gach ní eile dá ndearna sé anallód.


Níl teorainn lena thiarnas ná críoch lena shíocháin ar chathaoir ríoga Dháiví agus ar a ríogacht, ag cur bun agus taca leo, sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách. - Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.


Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad go dtí go mbéarfar mac di siúd, a bhfuil tinneas clainne uirthi, ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.


Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.


Agus bhíodh sé ag seanmóir á rá: “Tá ag teacht i mo dhiaidh an té atá níos treise ná mé, agus ní fiú mé cromadh síos chun iall a chuarán a scaoileadh.


d'fhreagair Eoin á rá leo uile: “Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.


an té atá ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh.”


Agus anois mar sin, a Athair, tabhair-sé glóir domsa i do láthair leis an nglóir chéanna a bhí agam i do láthair, sula raibh an domhan ann.


Dúirt Íosa leo: “Amen, Amen, a deirim libh, sula raibh Abrahám ann, táimse ann.”


Tá tosach aige orthu uile agus is ann a choinnítear ar bun iad.


Ach is mar a chéile Íosa Críost inné agus inniu agus go brách.


á rá: “Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n‑eaglaisí, go hEifeasas, go Smiorna, go Peargamas, go Tíaitíora, go Sairdis, go Filideilfia, agus go Láoidícéa.”


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Smiorna: ‘Mar seo a deir an té atá ar tosach agus ar deireadh, an té ba mharbh agus ar tháinig anam ann:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí