Más i ndaor nó i ndaoirseach a chuireann an damh adharc, íocadh an t‑úinéir tríocha seicil lena máistir agus gabhtar de chlocha sa damh.
Matha 27:9 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin a comhlíonadh a ndúradh trí Irimia fáidh: “Agus thóg siad an tríocha píosa d'airgead geal, luach an duine a measadh - ag cuid de chlann Iosrael a measadh é - An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba ansin a comhlíonadh a ndúirt an fáidh Ierimía, á rá, “Agus ghlac siad an tríocha bonn dʼairgead, luach an té ar chuir cuid de chlann Iosrael luach air, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin a cóimhlíonadh an nídh a dubhradh tré Ieremías, fáidh, a dubhairt: Agus ghlac siad na deich bpíosaí fichead airgid, luach an té a measadh, an té a bhí ar a mheas ag Cloinn Israéil. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin do cóimhlíonadh a ndubhairt ieremias fáidh, Agus do ghlacas na deich bpíosaí fichead airgid, luach an té do bhí fá mheas, an té do bhí fá mheas ag clainn Israel; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) (Ann sin do coimhlíonadh an ní a dubhradh tré Ieremías fáidh, ag rádh, Do ghabhadar chuca na deich nairgid fhithchead, lúach an té do measadh, do bhí ar ná mheas ó chlannuibh Israél; Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan iseadh do cómhlíonadh an chaint adubhairt Ieremias fáidh, mar a ndubhairt sé: Agus do ghlacadar tríochad píosa airgid, luach an t-é a luadhadh, an t-é a luadhdar a’ clannaibh Israéil, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin a comh-líonadh a ndúradh trí Irimia fáidh: “Agus thóg siad an tríocha píosa dʼairgead geal, luach an duine a measadh–ag cuid de chlann Iosrael a measadh é– |
Más i ndaor nó i ndaoirseach a chuireann an damh adharc, íocadh an t‑úinéir tríocha seicil lena máistir agus gabhtar de chlocha sa damh.
Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:
agus dúirt: “Cad ab áil libh a thabhairt dom agus tabharfaidh mé ar láimh daoibh é?” Chomhair siad amach chuige tríocha píosa d'airgead geal.