Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Sin é a d'fhág Gort na Fola mar ainm ar an ngort sin go dtí an lá inniu féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Dá bharr sin gaireadh Páirc na Fola den pháirc úd go dtí an Iá seo.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Ar an adhbhar sin, tugadh Haceldama, is é sin, gort na fola, ar an pháirc sin go dtí an lá atá indiu ann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Ar an adhbhar sin do glaodhadh, gort na fola, ar an ngort úd, go dtí an lá indiu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Ar a nadhbharsin goirthear don fhearunn úd, Fearann na fola, gus a niugh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Mar gheall air sin do tugadh ar an bpáirc sin Haceldama, ’sé sin, Páirc na fola, go dtí an lá so.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Sin é a dʼfhág Gort na Fola mar ainm ar an ngort sin go dtí an lá inniu féin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:8
7 Tagairtí Cros  

Bhíodarsan chomh fada sin gurbh fhéidir a ndeirí a fheiceáil ón áit shárnaofa os comhair an tsanctóra, ach níorbh fhéidir ó lasmuigh. Tá siad ansin fós go dtí an lá inniu féin.


Tar éis dóibh an scéal a phlé, cheannaigh siad leis an airgead Gort an Chriadóra mar reilig do strainséirí.


Ghlac siad an t‑airgead agus rinne de réir mar a dúradh leo, agus bíonn an scéal á reic i measc na nGiúdach go dtí an lá inniu.


Fuair muintir Iarúsailéim ar fad eolas an scéil, agus dá chionn sin tugadh Haicealdamach mar ainm ar an ngort sin ina dteanga féin, is é sin le rá, “Gort na Fola”.


agus rinne sé é a adhlacadh sa ghleann, i dtír Mhóáb, sall ó Bhéit Peór; ach go dtí an lá inniu féin ní fios d'aon duine cá bhfuil a uaigh.


Ansin chuir Iósua dhá chloch déag ina seasamh i leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart a d'iompar an áirc; tá siad ansiúd go dtí an lá atá inniu ann.


D'imigh an fear úd leis go críocha na Hiteach agus bhunaigh sé cathair ar ar thug sé Lúz; sin é is ainm di go dtí an lá inniu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí