Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 27:5 - An Bíobla Naofa 1981

Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus d'fhág an áit, d'imigh sé leis agus chroch é féin.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus chaith sé síos uaidh na boinn airgid sa teampall, agus dʼimigh sé; agus chuaigh sé agus chroch sé é féin.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ar chaitheamh na bpíosaí airgid uaidh san teampall dó, chuaidh sé ar shiubhal; agus d’imthigh sé, agus chroch sé é féin le h-adhastar.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus do chaith sé na píosaí airgid isteach sa teampall, agus d’fhág sé an áit, agus d’imthigh agus do chroch sé é féin.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar dteilgean na bpíosadh airgid úadh ann sa teampoll, do dhealuigh sé ríu, agus ar nimtheachd do thochd sé é féin.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ansan do chaith sé na píosaí airgid isteach sa teampul, agus d’fhág sé an áit, agus d’imthigh sé agus do chroch sé é féin le téid.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus dʼfhág an áit, dʼimigh sé leis agus chroch é féin.

Féach an chaibidil



Matha 27:5
12 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic Aichítifeil nár leanadh a chomhairle, chuir sé an diallait ar a asal agus d'imigh leis abhaile dá chathair féin. Ansin chuir sé cúraimí a thí in ord agus chroch sé é féin agus fuair sé bás. Adhlacadh é i dtuama a athar.


Nuair a chonaic Zimrí go raibh an chathair gafa chuaigh sé isteach i ndún phálás an rí, chuir an pálás trí thine sa mhullach air féin agus fuair bás,


Ansin dúirt a bhean leis: “An gcloíonn tú fós le d'fhíréantacht? Cuir do mhallacht ar Dhia agus faigh bás!”


I dtreo gur fearr le m'anam folathachtadh, Agus an bás féin ná [caidreamh le] mo chnámha


Caith do chúram ar an Tiarna agus déanfaidh sé taca duit; ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisle as an bhfíréan go brách.


agus b'é a scéal sin: “Dúirt an fear seo: ‘Is féidir liom Teampall Dé a leagan anuas agus é a atógáil i dtrí lá.’ ”


Thóg na hardsagairt na píosaí airgid agus dúirt siad: “Ní dleathach iad do chur i gciste an Teampaill, mar is luach fola iad.”


Bhí an pobal ag feitheamh le Zachairias agus ba ionadh leo é bheith ag déanamh moille sa sanctóir.


gur thit ar a chrann, de réir ghnás na sagartóide, dul isteach i sanctóir an Tiarna chun túis a dhó;


Ghlaoigh sé ar an toirt ar a ghiolla airm agus dúirt leis: “Tarraing do chlaíomh gan mhoill agus cuir chun báis mé, d'fhonn nach ndéarfaí fúm: ‘Mharaigh bean é!”’ Rop a ghiolla claíomh tríd dá bhrí sin agus fuair sé bás.