Seo é an focal a labhair an Tiarna faoi dtaobh de: ‘Tá drochmheas aici ort, agus is beag uirthi thú an ógh, iníon Shión; croitheann sí a ceann ar do chúla, iníon Iarúsailéim.
Matha 27:39 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bhí a ndeachaigh thart ag fonóid faoi, ag croitheadh a gcinn air Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus na daoine a chuaidh thart, thug siad diamhasla dó, ag crathadh a gcinn, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus na daoine do ghabhadh thairis thugadar masla dhó, ag crothadh a gceann, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an mhuinntir do ghabhadh tháiris do imdheargaidís é, ag crothadh a gceann. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus an mhuintir a ghabhadh thairis thugaidís masla dhó, ag crothadh a gcinn, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann |
Seo é an focal a labhair an Tiarna faoi dtaobh de: ‘Tá drochmheas aici ort, agus is beag uirthi thú an ógh, iníon Shión; croitheann sí a ceann ar do chúla, iníon Iarúsailéim.
D'fhéadfainnse freisin labhairt mar thusa, Dá mbeadh d'anamsa in áit m'anamasa. An ndéanfainn thú a chiapadh le focail? Nó mo cheann a chroitheadh ort?
De bhrí gur bhain Dia mo chumas díom, agus gur threascair sé mé, Chaitheadar an béalbhach as a mbéal.
Ráinig mé i m'ábhar scige ag gach aon neach; agus bíonn a bhfeiceann mé ag croitheadh a gceann.
Tá mórán madraí i mo thimpeall ‘s táim crioslaithe ag gasra bithiúnach. Tollann siad mo lámha agus mo chosa;
Sibhse uile a thriallann thar bráid, breathnaígí agus féachaigí an bhfuil aon bhrón mar mo bhrónsa - mar an gcumha atá ag criathairt mo chroí, a chuir an Tiarna féin orm, ar lá a dhíbheirge fíochmhaire.
Ansin céasadh mar aon leis beirt robálaithe, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé.