Ach ba ghnáthbhéas don ghobharnóir, i ngach féile, go scaoilfeadh sé saor chun an tslua cibé príosúnach ba rogha leo.
Matha 27:16 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí príosúnach iomráiteach ar láimh an uair sin arbh ainm dó Barabas. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bhí príosúnach amháin acu san am, a raibh drochchlú air, agus Barabas ab ainm dó. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí aige san am sin príosúnach iomráidhteach, darbh ainm Barabbas. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhí aca, an t‐am sin, cime iomráidhteach darbh ainm Barabbas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí aca an tan sin braíghe ró oirdheirc dar bhainm Barabbás. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Bhí aige an uair sin árd-chime, agus Barabbas ab ainim dó. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí príosúnach iomráiteach ar láimh an uair sin arbh ainm dó Barabas. |
Ach ba ghnáthbhéas don ghobharnóir, i ngach féile, go scaoilfeadh sé saor chun an tslua cibé príosúnach ba rogha leo.
Mar sin, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile dúirt Pioláit leo: “Cé acu ba rogha libh mé a scaoileadh chugaibh, Barabas, nó Íosa ar a dtugtar an Críost?” -
Agus bhí fear darbh ainm Barabas ar láimh an uair sin leis an lucht ceannairce, dream a raibh dúnmharú déanta acu sa cheannairc.
scaoil sé saor é siúd a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar an gcíréib agus ar an dúnmharú - an té a d'iarr siad - ach thug sé Íosa suas chun a dtola.
Ach scread siad amach arís: “Ní hé seo, ach Barabas.” Agus robálaí a ba ea Barabas.
Sea, shéan sibh an té a bhí naofa fíréan agus d'iarr sibh go scaoilfí saor chugaibh dúnmharfóir.
Agus cé gur maith is eol dóibh reacht Dé a deir go bhfuil an bás tuillte ag daoine a dhéanfadh a leithéidí sin, ní hé amháin go ndéanann siad féin iad ach fós molann siad le lucht a ndéanta.
Beannaígí d'Andronacas agus do Iúinias, comhthírigh agus comhchimí liom féin, a bhfuil iomrá orthu i measc na n‑aspal agus a bhí i gCríost romhamsa.