Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Ach ba ghnáthbhéas don ghobharnóir, i ngach féile, go scaoilfeadh sé saor chun an tslua cibé príosúnach ba rogha leo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Anois in am na féile ba nós leis an uachtarán aon phríosúnach amháin a ligean saor chuig an slua, cibé príosúnach ab áil leo.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Anois ar lá shollamhanta na féile bá ghnáthach leis an uachtarán aon phríosúnach amháin, cibé príosúnach a b’áil leo, a leigin saor do’n phobal.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Ba ghnáth leis an riaghaltóir, le linn na féile, príosúnach amháin do scaoileadh chum an tsluaigh, an té ba mhian leo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Achd cheana do chleachdadh an túachdarán bráighe do leigean a mach lá an fheusda chum an phobuil, an té budh áill léo.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 An lá solmanta san, ámhthach, ba ghnáth leis an riaghaltóir aon chime amháin do leigint saor chun na ndaoine, pé cime ba mhaith leó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Ach ba ghnáthbhéas don ghobharnóir, i ngach féile, go scaoilfeadh sé saor chun an tslua cibé príosúnach ba rogha leo.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:15
11 Tagairtí Cros  

Dúirt siad, áfach: “Ní ar an bhféile é, le heagla go dtógfaí callán i measc an phobail.”


Bhí príosúnach iomráiteach ar láimh an uair sin arbh ainm dó Barabas.


Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.”


Ach b'éigean dó aon duine amháin a scaoileadh chucu le linn na féile.


Thosaigh siad uile ag screadach amach in éineacht: “Beir uainn é seo, ach scaoil chugainn Barabas!” -


ach d'fhan Peadar ina sheasamh ag an doras lasmuigh. Ansin chuaigh an deisceabal eile amach - é seo a ba aithnid don ardsagart - labhair leis an mbandoirseoir agus thug Peadar isteach.


Ansin thug sé suas dóibh é chun a chéasta.


Nuair a bhí dhá bhliain imithe thart thóg Poircias Féastas áit Fhéilix, agus d'fhonn fabhar na nGiúdach a tharraingt air féin, d'fhág Féilix Pól i bpríosún.


Bhí fonn ar Fhéastas gnaoi na nGiúdach a tharraingt air féin agus dúirt sé mar fhreagra ar Phól: “An mbeifeá sásta dul suas go Iarúsailéim chun do thriail a sheasamh ann os mo chomhairse i dtaobh na gcionta seo?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí