Matha 27:14 - An Bíobla Naofa 1981 Ach freagra níor thug sé ar phointe ar bith, rud a chuir ardionadh ar an ngobharnóir. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach níor thug sé freagra dó ar oiread le haon rud amháin a cuireadh ina leith; ar mhodh go raibh iontas mór ar an uachtarán faoi. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht ar aon fhocal ní thug sé freagair ar bith, san chruth go raibh iongantas mór ar an uachtarán. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ní thug sé freagra ar bith ortha: i dtreo go raibh iongnadh mór ar an riaghaltóir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ní thug sé freagra ar éanfhocal do: ionnus gur ghabh iongantus mór an túachdarán. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus níor thug sé freagra air do fhocal ar bith; i dtreó go raibh árd-iongnadh ar an riaghaltóir. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach freagra níor thug sé ar phointe ar bith, rud a chuir ard-ionad h ar an ngobharnóir. |
Mé féin agus an chlann a thug an Tiarna dom, is tuar agus mana sinn in Iosrael ó Thiarna na Slua, a bhfuil a chónaí ar Shliabh Shíón.
Éist, mar sin, a Iósua, a ardsagairt - tú féin agus do chompánaigh atá ina suí os do chomhair - óir, is fir dhea-thuair sibh. Is amhlaidh atáimse chun tabhairt ar mo sheirbhíseach, an Beangán, teacht.
D'fhan Íosa ina thost. Dúirt an t‑ardsagart leis: “Cuirim ort as ucht Dé bheo a insint dúinn an tú an Críost Mac Dé.”
Agus le linn a chiontaithe ag na hardsagairt agus ag na seanóirí, bhí sé gan aon fhreagra a thabhairt.
Dúirt Pioláit leis ansin: “Nach gcluineann tú a bhfuil d'fhianaise acu á thabhairt i d'aghaidh?”
Chuaigh sé isteach sa Phréatóiriam arís agus dúirt le Íosa: “Cad as duit?” Ach níor thug Íosa aon fhreagra air.
Mar is dóigh liom go bhfuilimidne, aspail, curtha ar taispeáint ag Dia in eireaball thiar na caithréime mar chimí a mbeadh an bás i ndán dóibh, mar gur sampla saolta sinn os comhair aingeal agus daoine.