Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Agus le linn a chiontaithe ag na hardsagairt agus ag na seanóirí, bhí sé gan aon fhreagra a thabhairt.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Ach nuair a chúisigh na hardsagairt agus na seanóirí é, níor thug sé aon fhreagra.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Agus nuair a chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe ina leith, níor fhreagair sé rud ar bith.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus nuair do chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe ’n‐a leith, níor fhreagair sé oiread agus focal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus an tan do éligheadar na hárdsagair agus ná sinnsir é, níor fhreagair sé én ní.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus nuair a chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe ’n-a leith, níos thug sé aon fhreagra ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Agus le linn a chiontaithe ag na hardsagairt agus ag na seanóirí, bhí sé gan aon fhreagra a thabhairt.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:12
10 Tagairtí Cros  

Fuair sé ainíde agus rinne sé beag de féin, agus níor oscail sé a bhéal. Mar a bheadh uan á chinnireacht chuig an seamlas, mar bheadh caora ina tost os comhair lucht a lomtha, níor oscail sé a bhéal.


D'fhan Íosa ina thost. Dúirt an t‑ardsagart leis: “Cuirim ort as ucht Dé bheo a insint dúinn an tú an Críost Mac Dé.”


Dúirt Pioláit leis ansin: “Nach gcluineann tú a bhfuil d'fhianaise acu á thabhairt i d'aghaidh?”


Ach freagra níor thug sé ar phointe ar bith, rud a chuir ardionadh ar an ngobharnóir.


Chuir sé go leor ceisteanna air, ach níor thug seisean freagra ar bith air.


Is é seo an giota den scrioptúr a bhí a léamh aige: “Seoladh é amhail caora chun a choscartha, agus amhail uan a bheadh ina thost os comhair an lomadóra, níor oscail sé a bhéal.


Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d'fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí