Gurab amhlaidh a roinnfidh an Tiarna le lucht mo chúisithe, agus leis an dream a dhéanann béadán ar m'anam.
Matha 26:66 - An Bíobla Naofa 1981 Cad é bhur mbarúil?” Agus ba é an freagra a thug siad: “Tá an bás tuillte aige.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Cad i an bhreith a thugas sibh?” Dʼfhreagair siadsan, “Tá an bás tuillte aige.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Cad é bhur mbaramhail? Acht d’fhreagair siad-san, agus dubhairt: Is airidhe air an bás. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) D’fhreagradar agus adubhradar, Atá bás tuillte aige. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Créd do cíthear dháoibhsi? Agus ar bhfreagra dhóibhsean a dubhradar, Do thuill sé bás. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Cad a chítear daoibh? Agus dubhradar san ’ghá fhreagra: Tá bhás tuillte aige. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Cad é bhur mbarúil?” Agus ba é an freagra a thug siad: “Tá an bás tuillte aige.” |
Gurab amhlaidh a roinnfidh an Tiarna le lucht mo chúisithe, agus leis an dream a dhéanann béadán ar m'anam.
Ansin labhair na sagairt agus na fáithe leis na feidhmeannaigh agus leis an bpobal uile: “Tá breithiúnas báis tuillte ag an bhfear seo, óir thairngir sé in aghaidh na cathrach seo mar a chuala sibh le bhur gcluasa féin.”
D'fhreagair na Giúdaigh é: “Tá dlí againne, agus, de réir an dlí sin, tá d'fhiacha air bás a fháil mar go ndearna sé Mac Dé de féin.”
Cén duine de na fáithe nach ndearna bhur sinsir géarleanúint air? Agus d'imir siad an bás orthu siúd a thairngir teacht an Fhíréin. Agus anois tá sibhse tar éis é a bhrath agus a chur chun báis,
“Má dhéanann duine coir mharfach agus go gcuirtear chun báis é agus go gcrochann tú ar chrann é,
Dhaor sibh an neamhurchóideach agus mharaigh sibh é; ní chuireann sé in bhur gcoinne.