Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 26:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Ansin labhair na sagairt agus na fáithe leis na feidhmeannaigh agus leis an bpobal uile: “Tá breithiúnas báis tuillte ag an bhfear seo, óir thairngir sé in aghaidh na cathrach seo mar a chuala sibh le bhur gcluasa féin.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Ann sin do labhradar na sagairt agus na fáighe ris na prionnsadhuibh, agus ris an bpobal uile, dha rádh, Atá breathamhnus báis air an bhfearso; óir do thairrghir sé a naghaidh na caithreachso, mar do chúalabhair lé bhur cclúasaibh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 26:11
13 Tagairtí Cros  

Ach, a Thiarna, tá fios a gcomhairlí uile agat, do mo mharú. Ná maith a n‑éigeart, ná scrios a bpeaca amach as do radharc. Coinnigh a léirmhilleadh i gconaí i d'aigne, nuair a thiocfaidh an lá a n‑agróidh tú d'fhearg orthu.


Ansin dúirt na feidhmeannaigh agus an pobal uile leis na sagairt agus na fáithe: “Ní cóir an fear seo a chur chun báis, óir labhair sé linn in ainm an Tiarna, ár nDia.”


Mar sin labhair na ceannairí seo leis an rí: “Cuirtear an fear seo chun báis; gan amhras lagaíonn sé lámha fuíoll lucht cosanta na cathrach, agus lámha an phobail uile freisin, ag labhairt leo ar an gcaoi seo. Ní hé leas an phobail seo a iarrann mo dhuine, ach a n‑aimhleas.”


Cad é bhur mbarúil?” Agus ba é an freagra a thug siad: “Tá an bás tuillte aige.”


D'fhreagair siad: “Mura mbeadh gur choirpeach é seo,” ar siad leis, “ní thabharfaimis ar láimh duit é.”


D'fhreagair na Giúdaigh é: “Tá dlí againne, agus, de réir an dlí sin, tá d'fhiacha air bás a fháil mar go ndearna sé Mac Dé de féin.”


D'éist an slua leis go dtí gur dhúirt sé an abairt sin. Ansin scread siad in ard a ngutha: “Cuir den saol an duine sin; ní ceart a leithéid a bheith beo.”


Ach an fáidh a leomhfaidh focal a labhairt i m'ainmse nár ordaigh mé dhó a labhairt, nó a labhróidh in ainm dé eile, gheobhaidh an fáidh sin bás.’


Ansin dúirt muintir an bhaile le Ióáis: “Tabhair amach do mhac, mar ní foláir é a chur chun báis, mar gur leag sé anuas altóir Bhál, agus gur ghearr sé anuas an cuaille naofa a bhí taobh leis.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí