agus ná tabhair suas mé a Dhia, do thoil m'eascairde. D'éirigh finnéithe falsa i m'éadan, agus lucht an fhoréigin.
Matha 26:59 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí uachtaráin na sagart agus an tsainidrín ar fad ag lorg fianaise bréige in aghaidh Íosa d'fhonn é bhású, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Anois bhí na hardsagairt agus an chomhairle uile ag iarraidh fíanaise bhréige a fháil in aghaidh Íosa ionas go gcuirfeadh siad chun báis é, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí uachtaráin na sagart agus an chómhairle go léir ag iarraidh fiadhnaise bhréige d’fhagháil i n-aghaidh Íosa, chun é chur chun báis: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhí uachtaráin na sagart agus an árd‐chómhairle uile ag iarraidh fiadhnaise bhréige d’fhágháil i n‐aghaidh Íosa, go ndaorfaidís chum báis é; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do iarradar úachdaráin na sagart, agus na seinnsir, agus an chomhairle uile, fiadhnuisi bhréige a naghuidh Iósa, ionnas go gcuirfidis chuin báis é; Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí uachtaráin na sagart agus an chómhairle go léir ag lorg fiadhnaise bréige i n-aghaidh Íosa, chun go ndaorfaidís chun bháis é; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí uachtaráin na sagart agus an tsainidrín ar fad ag lorg fianaise bhréige in aghaidh Íosa dʼfhonn é bhású, |
agus ná tabhair suas mé a Dhia, do thoil m'eascairde. D'éirigh finnéithe falsa i m'éadan, agus lucht an fhoréigin.
Is cuma nó cleith nó claíomh nó ga géar an té a thugann fianaise bhréige in aghaidh a chomharsan.
Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn.
Cén fáth a bhfuil tú do mo cheistiú-sa? Ceistigh iad siúd a chuala mé faoina ndúirt mé leo. Is iadsan, féach, a bhfuil a fhios acu cad a dúirt mé.”