Matha 26:58 - An Bíobla Naofa 198158 Bhí Peadar á leanúint i bhfad uaidh chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus ar dhul isteach ann dó, chuaigh ina shuí i measc na seirbhíseach d'fhonn go bhfeicfeadh críoch an scéil. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)58 Ach lean Peadar é tamall uaidh, chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus chuaigh sé isteach gur shuigh faoi i gcuideachta na ngardaí go bhfeicfeadh sé an deireadh a bheadh air. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara58 Agus lean Peadar i bhfad uaidh é, fiú go cúirt an árdshagairt. Agus ag dul isteach dó, shuidh sé imeasc na searbhóntaí, go bhfeiceadh sé an deireadh. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)58 Acht do bhí Peadar g‐á leanmhain i bhfad siar, go h‐árus an árd‐shagairt, agus do chuaidh sé isteach, agus do shuidh sé i bhfochair na maor go bhfeicfeadh sé an críochnú. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)58 Agus do lean Peadar a bhfad úadh é, go palais a nardshagairt, agus ar ndul a sdeach dhó, do shuidh sé a bhfochair na searbhfhoghantuidheadh, do chum go bhfaicfeadh sé an deireadh. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)58 Do lean Peadar é, ámhthach, abhfad siar, go dtí teaghlach an árd-shagairt; agus chuaidh sé isteach agus shuid sé ameasg na seirbhíseach, go bhfeicfeadh sé deire na h-oibre. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201258 Bhí Peadar dá leanúint i bhfad uaidh chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus ar dhul isteach ann dó, chuaigh ina shuí i measc na seirbhíseach dʼfhonn go bhfeicfeadh críoch an scéil. Féach an chaibidil |