Matha 26:57 - An Bíobla Naofa 198157 An dream a bhí tar éis Íosa a ghabháil, sheol siad leo é go teach Cháiafas, an t‑ardsagart, agus is ann a bhí na scríobhaithe agus na seanóirí cruinnithe le chéile. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)57 An dream a ghabh Íosa, threoraigh siad ansin é chuig teach Chaiafas an t‑ardsagart, áit a raibh na scríobhaithe agus na seanóirí cruinnithe. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara57 Acht chongbhuigh siad-san greim ar Íosa, agus thug siad leo chuig Caiphas, an t-árdshagart, é, áit a raibh na Scríobhaidhthe agus na seanóirí cruinnighthe. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)57 Agus na daoine do rug ar Íosa do threoruigheadar é go tigh Cháiafais, an t‐árd‐shagart, mar a raibh na scríobhaidhthe agus na seanóirí cruinnighthe le chéile. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)57 Agus ar mbreith ar Iósa dhoibhsean rugadar léo chum Caipháis an tárdshagart é, mar a rabhadar na sgriobuidhe agus na sinnsir cruinn. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)57 Ach do choimeád an mhuintir eile greim ar Íosa, agus do rugadar leó é i láthair an árd-shagairt, Caiphas, mar a raibh na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh cruinnighthe. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201257 An dream a bhí tar éis Íosa a ghabháil, sheol siad leo é go teach Cháiafas ard-sagart, agus is ann a bhí na scríobhaithe agus na seanóirí cruinnithe le chéile. Féach an chaibidil |