Dúirt Peadar leis: “Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.” Agus na deisceabail eile chomh maith, dúirt siad an rud céanna.
Matha 26:51 - An Bíobla Naofa 1981 Ach seo duine de chompánaigh Íosa a shín a lámh chun a chlaímh agus a tharraing, gur bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas de. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bʼshiúd duine de lucht leanúna Íosa a shín a lámh agus a tharraing a chlaíomh, agus a bhuail buille ar mhogh leis an ardsagart agus a bhain a leathchluas de. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus féach, duine acu suíd a bhí le h-Íosa, shín sé a lámh, agus tharraing amach a chlaidheamh: agus ag bualadh seirbhíseach an árdshagairt dó, ghearr sé an chluas de. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus féach, duine dhíobh‐san do bhí i bhfochair Íosa, do shín sé amach a lámh, agus do tharraing a chlaidheamh, agus do bhuail sé seirbhíseach an árd‐shagairt, agus do bhain sé a leath‐chluas de. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, féuch, síneadh a láimhe dfior don mhuinntir do bhí a bhfochair Iósa, do tharraing sé a chloidheamha mach, agus ar mbúaladh searbhfhoghantuighe a nárdshagairt, do bhen sé a chlúas de. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus féach, duine de’n mhuintir a bhí i bhfochair Íosa do shín sé a lámh, agus tharaing sé a chlaidheamh; agus bhuail sé seirbhíseach an árd-shagairt, agus bhain sé an chluas de. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach seo duine de chompánaigh Íosa a shín a lámh chun a chlaímh agus a tharraing, gur bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas de. |
Dúirt Peadar leis: “Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.” Agus na deisceabail eile chomh maith, dúirt siad an rud céanna.
Ach duine dá raibh ina sheasamh ansiúd, tharraing sé a chlaíomh, agus bhuail seirbhíseach an ardsagairt agus bhain an chluas de.
D'fhreagair Íosa: “Ní den saol seo mo ríocht. Dá mba den saol seo mo ríocht, throidfeadh mo sheirbhísigh ionas nach dtabharfaí ar láimh do na Giúdaigh mé. Ach anois ní as seo mo ríocht.”
Na hairm chogaidh a bheartaímid, ní airm shaolta iad ach airm a bhfuil cumas ó Dhia acu daingin a threascairt. Leagaimid ar lár leo argóintí