Matha 26:50 - An Bíobla Naofa 198150 Dúirt Íosa leis: “A chara, déan an beart a thug anseo thú. Tháinig siad ar aghaidh ansin, leag siad a lámha ar Íosa agus ghabh siad é. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)50 Agus dúirt Íosa leis, “A chara, cad é a thug anseo thú?” Tháinig siadsan aníos ansin gur leag siad a lámha ar Íosa agus gur ghabh siad é. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara50 Agus dubhairt Íosa leis: A charaid, cad chuige a dtáinic tú? Annsin tháinic siad-san ar aghaidh, fuair greim ar Íosa, agus ghabh siad é. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)50 Go mbeannuighthear duit, a mháighistir; agus do phóg sé é. Agus adubhairt Íosa leis, A chara, an nidh gur chuige tháinig tú, déan é. Thángadar annsin agus fuaradar greim láimhe ar Íosa, agus do ghabhadar é. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)50 Agus a dubhairt Iósa risean, A chara, créd fá dtaínic tú? Tangadarsan an tráthsin, agus do chuireadar lámh a Niósa, agus do ghabhadar é. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)50 Agus dubhairt Íosa leis: A chara, cad chuige go dtánaís? Ansan thánadar agus chuireadar a lámha ar Íosa agus choimeádadar greim air. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201250 Dúirt Íosa leis: “A chara, déan an beart a thug anseo thú. Tháinig siad ar aghaidh ansin, leag siad a lámha ar Íosa agus ghabh siad é. Féach an chaibidil |