Níl agaibh ach umhlú síos i measc na gcimí, nó titim i measc na marbh. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí.
Matha 24:8 - An Bíobla Naofa 1981 Ní bheidh sa mhéid sin uile ach na harraingeacha tosaigh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ach níl san iomlán ach tosach an anró. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht ní fhuil ionnta sin uilig acht tús na dtrioblóidí. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht ní fhuil ins na neithibh sin go léir acht tosach na buaidheartha. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd ní bhfuil ionnta so uile achd, tosach amhgar. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Tosach na dtrioblóidí, ámhthach, iad san go léir. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ní bheidh sa mhéid sin uile ach na harraingeacha tosaigh. |
Níl agaibh ach umhlú síos i measc na gcimí, nó titim i measc na marbh. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí.
Is ea, loisceann an urchóid mar bheadh tine ann; alpann sé driseacha agus sceacha, ansin cuireann sé tine le mothair na foraoise agus téann an deatach in airde ina ghuairneáin.
Tá tinneas clainne ag tosú di, ach is páiste díchéillí í; mar cé go bhfuil ionú a breithe ann, ní thagann sí go béal na broinne.
Óir éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta. Beidh maidhmeanna talún anseo agus ansiúd; beidh gortaí. Ní bheidh sa mhéid sin ach na harraingeacha tosaigh.
Ach roimh an méid sin uile, leagfar lámh oraibh agus géarleanfar sibh, tabharfar ar láimh sibh do na sionagóga agus do na príosúin, seolfar i láthair ríthe agus gobharnóirí sibh mar gheall ar m'ainmse.
buailfidh an Tiarna le plánna uafásacha thú, tú féin agus do shliocht; sea, le plánna troma buana, agus le galair nimhneacha sheasmhacha.
Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.
Féachaigí anseo anois a lucht an tsaibhris, déanaigí gol agus olagón de bharr na dtubaistí atá le teacht sa mhullach oraibh.