Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 24:16 - An Bíobla Naofa 1981

ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte;

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

teitheadh ansin a mbíonn in Iúdaea chun na sléibhte;

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Annsin iad-san atá i n-Iudaia, teicheadh siad chun na sléibhte:

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

annsin na daoine atá i nIúdaea, teichidís chum na gcnoc:

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ann sin an luchd bhiás a ttier Iúdaighe teitheadh síad fá na sléibhtibh:

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ansan an mhuintir atá i n-Iúdéa teithidís chun na gcnoc;

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte;

Féach an chaibidil



Matha 24:16
11 Tagairtí Cros  

Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.


Agus seo daoibh an comhartha - is é an Tiarna a labhraíonn - go bhfuil ar intinn agam sibh a smachtú san áit seo, le go n‑aithneodh sibh go bhfuil mo fhocail bhagartha ag seasamh go deimhin in bhur n‑aghaidh.


Teithigí le bhur n‑anam a chlann Bhiniáimin as lár Iarúsailéim Séidigí an stoc i dTeacóa, ardaígí bratach i mBéit hac Ceirim! Óir tá tubaiste ag bagairt as an Tuaisceart, díobháil mhór.


Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim


“Mar sin, nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ ar ar labhair Dainéil fáidh, agus é ina sheasamh san áit naofa - tuigeadh an té a léann -


an té a bheidh ar bharr an tí, ná téadh sé síos isteach chun a chuid a bhreith leis,


Trí chreideamh fuair Naoi eolas ó Dhia ar nithe nach raibh le feiceáil go fóill. Ghabh eagla é agus rinne sé an áirc chun a theaghlach a shábháil. Dá bharr sin thug sé daorbhreith ar an saol agus fuair sé ó Dhia an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an gcreideamh.