scaoilfidh Dia a shaigheada leo go tobann, agus déanfaidh sé a ngoin gan choinne.
Matha 23:31 - An Bíobla Naofa 1981 Sin mar a thugann sibh fianaise in bhur gcoinne féin gur clann sibh dóibh siúd a d'imir bás ar na fáithe, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar sin tá sibh in bhur bhfinnéithe in bhur n‑éadan féin gur sibh clann mhac dhúnmharfóirí na bhfáithe. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Dá bhrígh sin, tá sibh bhur bhfiadhnaisigh oraibh féin, gur sibh clann na ndaoine a mharbh na fáidhe. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) D’á bhrigh sin is fiadhnaise ’n‐bhúr n‐aghaidh féin do‐ghní sibh, gur sibh‐se clann na ndaoine do mharbh na fáidhe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus is mar sin do níthí fíadhnuisi bhar naghuidh féin, gur ab sibh clan na muinntire úd do mharbh na fáidhe. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) D’á bhrígh sin is fínnithe sibh oraibh féin gur sibh sliocht na ndaoine a mhairbh na fáidhe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Sin mar a thugann sibh fianaise in bhur gcoinne féin gur clann sibh dóibh siúd a dʼimir bás ar na fáithe, |
scaoilfidh Dia a shaigheada leo go tobann, agus déanfaidh sé a ngoin gan choinne.
A mhilleán sin ar pheacaí a fáithe agus ar chionta a sagart, a dhoirt amach laistigh di fuil na bhfíréan.
ag rá: ‘Dá mbeimisne suas in aimsir ár n‑aithreacha, ní bheadh aon pháirt againn leo i bhfuil na bhfáithe a dhoirteadh.’
Sin é an fáth, féach, a bhfuilim ag cur fáithe chugaibh, agus eagnaíoch, agus scríobhaithe; déanfaidh sibh cuid acu a mharú agus a chéasadh, cuid acu a sciúrsáil in bhur sionagóga agus tóir a chur orthu ó chathair go cathair,
“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!
Dúirt sé leis: ‘Tabharfaidh mé breith do bhéil féin ort, a dhroch-sheirbhísigh! Bhí a fhios agat, an raibh, gur duine dian mé, ag glacadh chugam an rud nár chuir mé i dtaisce, agus ag baint an fhómhair nár chuir mé a shíol?
Dúirt Iósua leis an bpobal ansin: “Is finnéithe sibh in bhur n‑aghaidh féin go bhfuil an Tiarna tofa agaibh chun fónamh dó.” Agus dúirt siadsan: “Is finnéithe sinn.”