An ceart is an chóir a dhéanamh, is taitneamhaí é sin leis an Tiarna ná íobairt ar bith.
Matha 23:23 - An Bíobla Naofa 1981 “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n‑íocann sibh deachú ar an miontas agus ar an lus mór agus ar an gcoimín, agus go ndearna sibh faillí sna nithe ar mó a luíonn an dlí orthu, an ceart agus an trócaire agus an dílseacht. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh agus gan iad siúd a ligean i bhfaillí. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tugann sibh deachú den mhismín agus den lus mín agus den chuimin, agus tá neamart déanta agaibh sna nithe ar mhó a dtábhacht sa dlí, den chóir agus den trócaire agus den fhírinne; arbh é bhur gceart iad a chur i ngníomh, gan neamart a dhéanamh sa chuid eile. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is mairg díbh, a Scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a bhréag-chráibhtheacha: a dhíolas deachmhadh an mhiontais, na h-amíse, agus an chuimín, agus a d’fhág gan chóimhlíonadh na neithe is truime san dlighe, cóir, agus trócaire, agus dílseacht. Ba chóir díbh iad seo a dhéanamh gan iad siúd eile d’fhágáil gan déanamh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir gearrann sibh deachmha ar mhiontas, agus ar ainís, agus ar choimín, agus fágann sibh na neithe is tábhachtaighe de’n dlighe gan déanam, cóir, agus trócaire, agus creideamh: acht ba cheart daoibh iad so do chleachtadh, gan faillighe do dhéanamh ins na neithibh eile. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) As anáoibhinn dáoibh a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhaidh! oír gabhtháoi deachmhuidh an mhionntais agus na hainíse agus an choimin, agus leigthí tharuibh an chuid is tábhachduigh don dligheadh, comhthrom, agus trocaire, agus firinne: do budh coir dháoibh íad so do dhéanamh, agus gán íad súd dfágbháil gan déanamh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir tugann sibh deachmhadh as an miontais agus as an ainise agus as an gcuimin, agus d’fhágabhair gan cómhlíonadh na neithe is truime sa dlígh, breitheamhantas, agus trócaire, agus creideamh; bhí sé ceart agaibh iad-san do dhéanamh agus gan iad-súd do leigint ar lár. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n-íocann sibh deachú ar an miontas agus ar an lus mór agus ar an gcoimín, agus go ndearna sibh faillí sna nithe ar mó a luíonn an dlí orthu, an ceart agus an trócaire agus an dílseacht. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh agus gan iad siúd a ligean i bhfaillí. |
An ceart is an chóir a dhéanamh, is taitneamhaí é sin leis an Tiarna ná íobairt ar bith.
An amhlaidh, nuair a bhíonn sé cothrom aige, nach gcraitheann sé lus mín air, nach gcuireann sé coimín, agus cruithneacht agus eorna ina dhiaidh sin, agus an spealt ar an imeall amuigh?
Is mar seo a deir an Tiarna: Cleachtaigí macántacht agus fíréantacht; saoraigí an truán as láimh an té a dhéanann leatrom air; ná déanaigí éagóir ar an gcoimhthíoch, ar an dílleachta, ar an mbaintreach; ná déan éigean; ná doirt fuil neamhchiontach san áit seo.
Óir, is mó is mian liom buanghrá ná íobairtí; agus aithne a bheith agaibh ar Dhia, is fearr liom é sin ná ofrálacha lándóite.
Deachúna uile na talún, más de thoradh na talún más de chnuas na gcrann, is leis an Tiarna iad; tá siad naofa don Tiarna.
Míníodh duit, a dhuine, céard is maith agus céard a iarrann an Tiarna ort. Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh, buanghrá a chothú agus siúl go humhal i bhfochair do Dhé.
Agus dá mb'eol daoibh a chiall siúd: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt,’ ní dhaorfadh sibh na daoine atá gan locht.
“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.
Ní miste daoibh a chiall siúd a fhoghlaim: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt.’ Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a tháinig mé a ghlaoch.”
“Ach is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar go n‑íocann sibh deachúna ar an miontas agus ar an ruibh agus ar an uile ghlasra, agus go scaoileann sibh tharaibh an ceart agus grá do Dhia. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh, gan iad siúd a fhágáil ar lár.
Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.’
Ach d'fhreagair Samúéil: “An fearr leis an Tiarna tabhartais loiscthe agus íobairtí ná go n‑éistfí go humhal le glór an Tiarna? Féach! is fearr umhlaíocht ná íobairt, is fearr géilliúlacht ná geir reithí.