Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 23:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 A ghiollaí dalla, a dhéanann an corrmhíol a shíothlú amach agus an camall a shlogadh siar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 A threoraithe na daille, a scagann amach an mhíoltóg agus a alpas síos an camall!

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 A threoruidhthe dalla, siolthann sibh an chuileog agus slugann sibh an camall.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 A threoraidhthe dalla, scagas an mhíoltóg, agus shloigeas an camall.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 A threoruighthe dall, sgagus an mhíoltóg, agus shluigeas an cámhall.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 A ghiollaí dalla, sgagann sibh amach an chuil agus sloigeann sibh an camal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 A ghiollaí dalla, a dhéanann an corrmhíol a shíothlú amach agus an camall a shlogadh siar.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:24
11 Tagairtí Cros  

Sin é an fáth nach dtabharfaidh an Tiarna anacal dá n‑ógánaigh, ní bheidh trua aige dá ndílleachtaí ná dá mbaintreacha. Tá an pobal seo aindiaga ainbheartach ar fad, tá a gcaint seafóideach. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí.


Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.”


Agus táim á rá libh arís: is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.”


“Is mairg daoibh, a ghiollaí dalla a deir: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an sanctóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar ór an tsanctóra, bíonn ceangal air.’


Nó cad a bheir duit a rá le do bhráthair: ‘Fan go mbainfidh mé an cáithnín as do shúil duit’; agus sin í an tsail i do shúil féin!


Sheol siad Íosa ansin ó Cháiafas go dtí an Préatóiriam. Bhí sé moch ar maidin. Ní dheachaigh siad isteach sa Phréatóiriam ionas nach dtruailleofaí iad, ach go mba fhéidir dóibh an cháisc a ithe.


Ach scread siad amach arís: “Ní hé seo, ach Barabas.” Agus robálaí a ba ea Barabas.


Ach tháinig an talamh i gcabhair ar an mbean, agus d'oscail an talamh a chraos agus shlog sé an abhainn a sceith an dragan as a bhéal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí