Agus fós, ná bíodh ‘múinteoirí’ á thabhairt oraibh, óir níl agaibh ach an t‑aon Mhúinteoir, an Críost.
Matha 23:11 - An Bíobla Naofa 1981 An té agaibh is uaisle, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) An té is mó oraibh beidh sé ina sheirbhíseach agaibh; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara An té is mó eadraibh, béidh sé ina sheirbhíseach agaibh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht an té is mó oraibh béidh sé ’n‐a sheirbhíseach agaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd an té is mó eadruibh, biodh sé na óglach aguibh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) An t-é is fearr oraibh, beidh sé ’n-a sheirbhíseach agaibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An té agaibh is uaisle, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh. |
Agus fós, ná bíodh ‘múinteoirí’ á thabhairt oraibh, óir níl agaibh ach an t‑aon Mhúinteoir, an Críost.
Shuigh sé agus ghlaoigh chuige an dáréag agus dúirt leo: “Más mian le haon duine a bheith ar tosach, ní foláir dó bheith ar deireadh cách agus ina sheirbhíseach ag cách.”
Bíodh nach bhfuil buannacht ag duine ar bith orm, rinne mé sclábha díom féin don uile dhuine d'fhonn breis a thabhairt liom.
An searbhóntaí do Chríost iad? Tá saochan céille anois orm ní foláir - ach is mó ná sin mise, mar is mó go mór a shaothraigh mé ná iad; ba mhinice i gcarcair mé: fuaireas léasadh gan áireamh agus ba mhinic mé i mbaol an bháis.
Ní dár bhfógairt féin atáimid ach ag fógairt Íosa Críost ina Thiarna agus gan ionainne ach seirbhísigh daoibhse ar son Íosa.
Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhráithre. Ach ná bíodh an tsaoirse sin ina leithscéal agaibh chun na collaíochta; ní hea, ach bígí ag déanamh seirbhíse dá chéile le teann grá.