Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 23:10 - An Bíobla Naofa 1981

Agus fós, ná bíodh ‘múinteoirí’ á thabhairt oraibh, óir níl agaibh ach an t‑aon Mhúinteoir, an Críost.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus ná glaoítear máistir oraibh, mar níl agaibh ach an t‑aon mháistir amháin, an Críost.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ná tugtar máighistrí oraibh; óir is aoinneach amháin is Máighistir oraibh, an Críost.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus ná tugtar Máighistrí oraibh: óir is aoinneach amháin is máighistir agaibh: an Críost.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Na goirthear doctúiridhe dhíbh: óir is áon Ndoctúir a tá agaibh, Criósd.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus ná tugtar máighistirí oraibh: óir is aoinne amháin is Máighistir agaibh, .i. Críosd.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus fós, ná bíodh ‘múinteoirí’ dá thabhairt oraibh, óir níl agaibh ach an t-aon Mhúinteoir, an Críost.

Féach an chaibidil



Matha 23:10
5 Tagairtí Cros  

An té agaibh is uaisle, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh.


Ach ná bíodh ‘raibí’ á thabhairt oraibhse; óir níl ach an t‑aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibhse uile.


Agus ná glaoigí bhur ‘n‑athair’ ar aon duine ar an talamh, óir níl agaibh ach an t‑aon Athair, an té atá ar neamh.


“Téigí isteach sa chathair,” ar seisean, “go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: tá m'uain in achmaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.’ ”


tá feidhmeannais difriúla ann ach an t‑aon Tiarna amháin;